Nana Mouskouri

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nana Mouskouri
Nana 0001.jpg
Tír An Ghréig
Gníomhach 1958 – 2008
Seánra(í) ceoil Snagcheol, Pop-cheol, Ceol tíre, Ceol tíre Gréigeach, Ceol Domhanda, Ceol Clasaiceach
Suíomh gréasáin Suíomh oifigiúil

Is ceoltóir í Nana Mouskouri (Gréigis: Nάνα Μούσχουρη), rugadh Ioanna Mouskouri (Gréigis: Ιωάννα Μούσχουρη) ar 13 Deireadh Fómhair 1934, in Chania, Crete, An Ghréig, a tá breis is 300 milliún ceirnín díolta aici. Is duine de na ceoltóirí is rathúla ar domhain í.[1][2] Tugadh Nana uirthi i dteannta a cairde agus a clann ó bhí sí óg. Tá amhráin taifeadta i dteangacha éagsúla; an Ghréigis, Fraincis, Béarla, Gearmáinis, Ollainnis, Iodáilis, Spáinnis agus Breatnais ina measc.

Tús[athraigh | edit source]

Bhí cónaí ar theaghlach Mouskouri in Chania, Crete, ina raibh a hathair, Constantine, ina samhailfhadaitheoir scannáin. Bhí a máthair, Alice ina ban-uiséir sa phictiúrlann céanna. Nuair a bhí Nana trí bliana d'aois, bhog a hathair an teaghlach go dtí an Aithin. D'oibrigh teaghlach Mouskouri go hiontach crua le Nana agus a dheirfiúr is sine, Jenny, a chuir chuig Athens Conservatoire. Thaispeáin Mouskouri bua mór ceoil agus í sé bliana d'aois. Áfach, bhí cuma níos fearr ar an scéal ag Jenny ag an am.

Agus í dhá bhliain déag d'aois, thosaigh Nana ag éisteacht go minic le Frank Sinatra, Ella Fitzgerald, Billie Holiday, agus Édith Piaf ar an raidió.

Thosaigh Nana ag ceol i gclubanna oíche á baint úsáid mhór as ceol Ella Fitzgerald. I 1957, thaifead sí a céad amhrán, Fascination, i nGréigis agus i mBéarla. I 1958 bhuail Nana le Manos Hadjidakis. Bhí suim mhór ag Hadjidakis i nguth aitheanta Nana, agus shocair sé amhráin a scríobh di. I 1959 rinne Mouskouri Kapou Iparchi I Agapi Mou, amhrán de chuid Hadjidakis a thaifeadadh (comh-scríofa ag ab bhfile Nikos Gatsos) ag oirniú Fhéile Cheoil na Gréige. Bhí an bua ag an amhrán sa chomórtas agus cuireadh tús le rath agus aitheantas Mouskouri.

Ag Féile Cheoil na Gréige i 1960, cheol Nana dhá amhrán eile de chuid Hadjidakis; Timoria agus Kiparissaki. Tugadh an chéad duais don dá amhrán. Cheol Mouskouri amhrán Kostas Yannidis, Xypna Agapi Mou, ag Féile Amhránaíochta na Meánmhuirí a bhí ar siúl don bhliain sin i mBarcelona. Bronnadh an chéad duais ar an amhrán agus shínigh sí conradh le Philips-Fontana, suite i bPáras.

I 1961, rinne Mouskouri fuaimrian a taifeadadh do scannán Gearmánach faoin Ghréig. De thairbhe, rinneadh singil Gearmáinis lainseáil, Weiße Rosen aus Athen ("White Roses from Athens"). Rinneadh na focail a chur le fonn de chuid Hadjidakis. Bhí an singil an-rathúil, agus dhíol sé breis is milliún cóip sa Ghearmáin. Aistríodh na hamhráin go teangacha eile. Is ceann de príomh-amhráin Mouskouri é, fiú san lá atá inniu ann.

Saol teaghlaigh[athraigh | edit source]

Phós Mouskouri Yorgos Petsilas in 1961. Tá dhá pháiste acu, mac, Nicolas a rugadh ar 13 Feabhra 1968 agus iníon, Hélène, leasainmnithe Lenou, a rugadh ar 6 Iúil 1970. I 1974, scar Mouskouri agus Petsilas. I 1975, colscaraíodh iad go hoifigiúil.

Tá cónaí ar Mouskouri san Eilvéis lena dara fear céile, André Chapelle, a phós sí ar 13 Eanair 2003.

Tagairtí[athraigh | edit source]