Mise agus Pangur Bán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An dán ar Leathanach as lámhscríbhinn Reichenau Pangur Bán.

Is dán Sean-Ghaeilge é "Mise agus Pangur Bán". Tagann sé ó lámhscríbhinn dhathmhaisithe[1]. Meastar go ndearna manach Éireannach san ochtú haois é. Tá an leabhrán le feiceáil in Stift Sankt Paul im Lavanttal, mainistir Bheinidicteach san Ostair.

Stair[athraigh | edit source]

Scríobhadh an lámhscríbhinn i mainistir Reichenau[2] nó Gallen (an mhainistir ar bhunaigh Naomh Gall í, sa bhliain 612).

Scéal[athraigh | edit source]

Tá cúpla mínithe don dán. Míniú amháin[3]:D'imigh an manach ainaithnid a scríobh an dán as Éirinn go dtí Caergybi ('Holyhead') chun dul ar aghaidh go dtí an Eoraip. Ar a shlí ó dheas dó is cosúil gur chuir sé aithne ar an gcat bán sa Bhreatain Bheag. Ghlac an manach leis mar chompánach bóthair. Éireannach dílis ab ea é, áfach, agus do bhain sé feidhm as an aidiacht 'bán' chun cruth na Gaeilge a chur ar 'Pan-gŵr' mar ainm.

Téacs[athraigh | edit source]

Is iad na focail ná:

Leagán nua-Ghaeilge[athraigh | edit source]

Mise agus Pangur bán,
ceachtar againn lena shan-dhán:
bíonn a mheanma-san le seilg,
mo mheanma féin i mo shain-cheird.

Caraimse fos, fearr gach clú
ag mo leabhrán, ag tuiscint go dícheallach;
níl sé formadach liom, Pangur bán:
carann sé féin a mhac-dhán.

Nuair a bhímid, scéal gan scís,
inár teach, sinn araon go haonarach,
tá cluiche éigríochta againn,
rud a dtugaimid ár mbeartaíocht dó.

De ghnáth, ar uairantaibh, tar éis greasaibh galacha
gleanann luch ina líon-san;
agus mé, titeann i mo líon féin
dlí doraidh is deacair a thuiscint.

Greamaíonn sé i bhfraigh fáil
a rosc geal comhlán;
greamaím féin i bhféighe an fheasa
mo rosc réil, cé go bhfuil sé an-lag.

Tá áthas air a dhul go tapa
nuair a ghleanann luch ina chrúb ghéar;
nuair a thugaim ceist dhoraidh dhil
tá áthas ormsa féin.

Cé go mbeimis go deimhin ar uaireantaibh
ní bhodhraímid a chéile:
is maith le ceachtar a dhán;
subhaigh gach aon fúthu.

Is é féin máistir dó
na hoibre a dheineann sé gach aon lá;
a thabhairt doraidh do shoiléireacht
is í m obair féin.

Leagan sa tSean-Ghaeilge[athraigh | edit source]

Messe ocus Pangur bán,
cechtar nathar fria shaindán:
bíth a menmasam fri seilgg,
mu menma céin im shaincheirdd.

Caraimse fos, ferr cach clú
oc mu lebrán, léir ingnu;
ní foirmtech frimm Pangur bán:
caraid cesin a maccdán.

Ó ru biam, scél cen scís,
innar tegdais, ar n-óendís,
táithiunn, díchríchide clius,
ní fris tarddam ar n-áthius.

Gnáth, húaraib, ar gressaib gal
glenaid luch inna línsam;
os mé, du-fuit im lín chéin
dliged ndoraid cu ndronchéill.

Fúachaidsem fri frega fál
a rosc, a nglése comlán;
fúachimm chéin fri fégi fis
mu rosc réil, cesu imdis.

Fáelidsem cu ndéne dul
hi nglen luch inna gérchrub;
hi tucu cheist ndoraid ndil
os mé chene am fáelid.

Cia beimmi a-min nach ré
ní derban cách a chéle:
maith la cechtar nár a dán;
subaigthius a óenurán.

Hé fesin as choimsid dáu
in muid du-ngní cach óenláu;
du thabairt doraid du glé
for mu mud céin am messe.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. An Reichenau Primer (Stift St. Paul Cod. 86b/1 fol 1v)
  2. Gerard Murphy, The Scholar and his Cat in Early Irish lyrics, eighth to twelfth century, Ed. Gerard Murphy. , Oxford, Clarendon Press (1956)
  3. http://fionnchu.blogspot.com/2009/02/pangur-ban-breatnais-naisc-focail-leis.html fionnchu.blogspot.com

Naisc[athraigh | edit source]

Naisc seachtracha[athraigh | edit source]