Meimfís (An Éigipt)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tagann Meimfís, ainm Gréagach, ó Men-éfer, an t-ainm Éigipteach a bhí ar phirimid Pépi (an 6ú ríora Éigipteach). Dúirt Héarodatas gur bhunaigh Ménés an chathair timpeall -3100. Meastar gurbh ionann Ménés agus an Rí Narmer, a ndéantar tagairt dó i bPailéad Narmer. Ghabh sé siúd Deilt na Níle san Éigipt Íochtarach agus chuaigh i réim mar Fháró. Tá dáta timpeall - 3000 curtha leis an bpailéad. Bhí an chaithir faoi choimirce an dé Ptah, pátrún na gceardaithe; bhí sí suite i ndeilt na Níle agus í lán de cheardlanna arm.

Iaraiglifí i Meimfís agus dealbh Raimséas II ar a gcúl

Ba í Meimfís príomhchathair na Sean-Ríochta go dtí timpeall -2200 agus ar feadh tréimhsí níos giorra sa Ríocht Nua,[1] agus í ina lárionad riaracháin ó thús.[2][3]

Tá fothraigh Mheimfís timpeall 20 cm laisteas de Chaireo ar bhruach thiar na Níle.

Ainmneacha Eile[athraigh | edit source]

Sa tsean-Éigiptis tugadh Ineb Hedj ("Na Ballaí Bána") ar an tír. Bhí ainm eile fós ar Mheimfís: Ankh Tawy ("Ceangal idir an Dá Thír"), toisc an chathair a bheith suite idir an Éigipt Uachtarach agus an Éigipt Íochtarach.

Rinne an staraí Éigipteach Manetho tagairt do Mheimfís mar Hi-Ku-P'tah ("Áit anam Ptah"), ainm a scríobh sé i nGréigis mar Aί γυ πτoς (Ai-gu-ptos). Uaidh seo a tháinig Aegyptus na Laidine agus Éigipt na Gaeilge.

Daonra[athraigh | edit source]

Is mór idir na meastacháin a rinneadh ar dhaonra na cathrach: deir T. Chandler go raibh timpeall 30,000 duine ina gcónaí ann go dtí timpeall -2250 BC agus idir -1557 agus -1400.[4] Deir K. A. Bard, áfach, nach raibh ach timpeall 6,000 duine ann sa tSean-Ríocht.[5]

L'Hout-Ka-Ptah: Teampall Mór an Dé Ptah agus a Chuid Leachtanna[athraigh | edit source]

Thug an staraí Gréagach Heireadótas cuntas ar a bhfaca sé ann: teampall mór a líon leath na cathrach, gan cead isteach sa chuid ba shine de ag an ngnáthdhuine (áit ar thángthas ar dhealbha ríoga lenár linn), agus an chuid eile de i bhfoirm croise. Bhí doirse móra ag na ceithre hairde, agus fuair na seandálaithe dealbha suntasacha ann. Tá a lán dealbh, olldealbh, sfioncsanna, liagán greanta agus píosaí ailtireachta bailithe le chéile anois i gclós taispeántais mar iarsmalann amuigh faoin aer; ach tá an mhórchuid de na hiarsmaí le fáil in iarsmalanna móra an domhain.

Tá léargas éigin le fáil ar mhaise an tseanteampaill sa chuntas a thug taistealaithe Arabacha ar fhothraigh Mheimfís, nuair a bhí cuid mhaith den áit gan slad go fóill. Chuir taistealaithe éigin síos ar shéipéal suntasach monailiotach a bhí snoite as píosa basailt ghlais, de réir cosúlachta, agus gréas iontach air.

Bhí an-tóir i Meimfís ar chultas an dé Apis, hipeastáis bheo de chuid Ptah agus cuma tairbh naofa uirthi. Dúirt na finscéalta go mbíodh an tarbh le feiceáil go rialta sa tsean-Éigipt agus sainchomharthaí ar a dhroim.

Príomhchathair na Sean-Ríochta[athraigh | edit source]

Bhí Meimfís, mar sheanphríomhchathair ríoraíoch, ina hoidhre ar ailtireacht agus ealaín ársa a fuair spreagadh gan stad ó leachtanna na ríthe, agus reiligí ollmhóra ag líonadh an ghleanna thiar le pirimidí, lena gcuid teampall siúd agus leis na háiseanna riaracháin a bhain leo.

Rinneadh saghas ollchathrach de na reiligí go léir, bailte móra agus calaí ag baint léi agus gnóthaí cultais ar siúl inti, agus canálacha ag nascadh na limistéar difriúil le chéile.

Fuair gach limistéar reiligeach agus cultach tailte agus acmhainní, agus cuntas le fáil orthu i dtéacsanna paipíre chartlanna Abúsir.

An Mheán-Ríocht[athraigh | edit source]

Sa Mheán-Impireacht aistríodh an phríomhchathair go dtí an Téibh; níos déanaí aistríodh arís í go dtí áit a bhí in aice le Meimfís. Ba ghnách a leithéid a dhéanamh de réir na reilige a mbeadh ríthe áirithe á gcur.

Níor tréigeadh an tseanchathair, áfach; fuair na seandálaithe fianaise go raibh ceardaithe, ceannaithe agus ealaíontóirí ag obair ann go fóill.

An Ríocht Nua[athraigh | edit source]

Faoin Ríocht Nua ba í Meimfís an fíorlárionad riaracháin agus an phríomhchathair ríoga. Is ann a tugadh oideachas do na prionsaí agus do chlann na huaisle, agus bhí a lán pálás ríoga ann.

D'éirigh an tír suaite, agus is iomaí namhaid a rinne ionradh uirthi; gabhadh agus athghabhadh Meimfís. Tháinig na Peirsigh i réim sa tír agus lean na Gréagaigh iad, agus ní raibh Meimfís ina príomhchathair ina dhiaidh sin, cé go raibh tábhacht léi fós ar shlite eile.

Memphís Tar Éis na bhFárónna[athraigh | edit source]

Rinne Alastar Mór é féin a chorónú mar Fháró i dTeampall Ptah. Chuaigh duine dá chuid ginearál, Tolamaes, i réim san Éigipt, agus eisean a chuir corp Alasdair á bhalsamú ann tar éis an mórshiúl sochraide a chur ar mhalairt slí d’aonghnó. I Meimfís a cuireadh Alastar.

Rialaigh sliocht Tholamaes an tír ina dhiaidh nó gur tháinig na Rómhánaigh; ansin ba í Chathair Alastair an chathair ba thábhachtaí. D’imigh na Rómhánaigh agus tháinig na hArabaigh; bhí Meimfís go hiontach fós, ach bhí an chathair á bánú de réir a chéile ón 7ú haois amach. Creachadh í ar son a cuid cloch chun na bailte máguaird a thógáil agus a mhéadú; fiú sa 12ú haois bhí dealramh suntasach uirthi, ach ba ghearr nach raibh inti ach fothraigh mhaola agus clocha scaipthe.

Nuair a tháinig eolaithe Napoléon ar an gcathair i dtús an 19ú haois ní raibh rompu ach iarsmaí na n-iarsmaí; bhí an-tochailt le déanamh. Ag seo croineolaíocht sheandálaíoch:

  • Taighde á dhéanamh de bharr Fheachtas Napoléon san Éigipt sa bhliain 1798, agus an suíomh á dhearbhú;
  • An chéad tochailt á déanamh ag Giovanni Battista Caviglia agus Sloane sa bhliain 1820: thángthas ar olldealbh Raimséas II;
  • Taighde á dhéanamh ag Karl Richard Lepsius de bharr fheachtas Prúiseach na bliana 1842;
  • Joseph Hekekyan ag tochailt ann idir na blianta 1852 agus 1854;
  • Mariette agus Seirbhís na Seandachtaí Éigipteacha ag tochailt ann idir na blianta 1850 agus 1860: thángthas ar dealbha ríoga de chuid na Sean-Ríochta.
  • Petrie ag tochailt ann idir na blianta 1907 agus 1912: thángthas ar iarsmaí teampall agus pálás agus sfioncs mhór alabastair.
  • Tochailt á déanamh ag Ollscoil Pennsylvanie idir na blianta 1914 agus 1921: thángthas ar theampall agus ar phálás;
  • Sa bhliain 1942 tháinig Ahmed Badawy ar theampall beag de chuid Ptah, agus ar shéipéal agus thuama an phrionsa Sheshonq agus a mhic Takélot (an 22ú ríora);
  • Rudolph Anthes de chuid Ollscoil Philadelphie á tochailt ann idir na blianta 1955 agus 1957: tháinig sé ar theampall beag agus chláir bhalsamaithe de chuid an tairbh naofa;
  • Tá idir sheandálaithe eachtrannacha agus sheandálaithe Éigipteacha ag obair i Meimfís ón mbliain 1970 i leith, ag teacht ar iarsmaí tábhachtacha agus ag bailiú eolais; fuarthas leachtanna, annálacha agus tuamaí.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Jeffreys, David G. Jeffreys, 'The survey of Memphis,' Journal of Egyptian Archaeology. London 1985.
  • Jones, Michael, 'The temple of Apis in Memphis,' Journal of Egyptian Archaeology, Volume 76, 1990.
  • Málek, Jaromir, 'A Temple with a Noble Pylon,' Archaeology Today 1988.
  • Martin, Geoffrey T., The Hidden Tombs of Memphis. Thames & Hudson 1991.
  • Maystre, Charles, Les Grands prêtres de Ptah de Memphis. Orbis biblicus et orientalis - Universitätsverlag 1992.
  • Thompson, Dorothy, Memphis under the Ptolemies. Princeton University Press 1988.
  • Zivie, Alain-Pierre, Memphis et ses nécropoles au Nouvel Empire. CNRS 1988.


  1. Katheryn A. Bard, Encyclopedia of the Archaeology of Ancient Egypt, Routledge 1999, lch.694
  2. Lynn Meskell, Private Life in New Kingdom Egypt, Princeton University Press 2002, lch.34
  3. Ian Shaw, The Oxford History of Ancient Egypt, Oxford University Press 2003, lch.279
  4. Tertius Chandler, Four Thousand Years of Urban Growth, 1987
  5. Katheryn A. Bard, Encyclopedia of the Archaeology of Ancient Egypt, Routledge 1999, lch.250

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]