Sean-Éigipt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is iad na pirimidí na siombalaí is so-aitheantaí don sibhialtacht ársa na hÉigipte.

Is seansibhialtacht í an tSean-Éigipt a bhí suite in oirthuaisceart na hAfraice sa réigiún timpeall na Níle ina bhfuil an Éigipt nua-aimseartha ina seasamh sá lá atá inniu ann. Deirtear gur cuireadh tús leis an tsibhialtacht timpeall na bliana 3150 RC leis an aontú polaitiúil idir an Éigipt Uachtarach agus an Éigipt Íochtarach faoi cheannas an chéid Fharó, agus lean sí ar aghaidh ag forbairt le linn na trí mhílaois ina dhiaidh sin. Roinntear stair na sibhialtachta ina tréimhsí seasmhacha, ar a tugtar Ríochtaí, agus na tréimhsí neamh-sheasmhacha eatarthu ar a tugtar Tréimhsí Idirmheánacha. Tar éis na ríochta deireanach, an Ríocht Nua a tugtar air, thug an tsibhialtacht aghaidh ar ré ina raibh meath mall ag tarlú, le hionraí rialta ó stáit eile ón réigiún máguaird. Críochnaíodh riail na bhFarónna go hoifigiúil sa bhliain 31 RC nuair a ghlac Impireacht na Róimhe, an tsárchumhacht nua, seilbh ar an réigiún, agus rinneadh cúige Rómhánach di.

Rud amháin a chuir go mór le fás na Sean-Éigipte ná an méid sochair a bhain siad amach as na dálaí a bhí ar fáil i ngleann abhann na Níle. Le huisciú an ghleanna, bhí siad ábalta táirgí barrachais a chruthú, rud a spreag forbairt sóisialta agus cultúrtha. Le hachmhainní breise, rinne na húdaráis urraíocht ar saothrú mianraí an ghleann, luathfhorbairt ar chóras scríbhneoireachta, tionscadail tógála agus talmhaíochta, trádáil leis an réigiún máguaird, agus arm a bhí in ann an tír a chosaint ó namhaid agus ceannas na sibhialtachta a dhearbhú. Na daoine a spreag agus a eagraigh na gníomhaíochtaí seo ná na scoth-scríobhaithe, na ceannairí, agus na riarthóirí a bhí go léir faoi smacht an Fharó, an ceannaire diaga a chinntigh comhoibriú agus aontacht na nÉigipteach le córais reiligiúnacha ilchasta.