Margaret Ann Bulkley (James Barry)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMargaret Ann Bulkley

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) James Barry
Beathaisnéis
Breithc. 1789
Corcaigh (Ríoghacht Éireann)
Bás25 Iúil 1865
75/76 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Dinnireacht)
Áit adhlacthaReilig Kensal Green Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Dhún Éideann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmlia mileata, máinlia Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine

Find a Grave: 2613 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba mháinlia Éireannach í James Barry (rugadh mar Margaret Ann BulkleyBulkeley t. 1789 - 25 Iúil 1865).

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Portráid James Barry, t. 1813–1816

Rugadh Barry timpeall ar 1789 i gCorcaigh, Contae Chorcaí. Tá an dáta breithe seo bunaithe ar litir a scríobh máthair Margaret ag rá go raibh sí cúig bliana déag d'aois nuair a scríobhadh an litir ar an gceathrú lá d'Eanáir 1805.[1]

Iníon Jeremiah agus Mary-Ann Bulkely ab ea Margaret. Bhí Jeremiah ag obair mar ghrósaeir ach bhí post rialtais aige i dTithe Meáite Chorcaí ach scaoileadh leis mar gheall ar mheon frith-Chaitliceach. Ansin, chaill Jeremiah suim mhór airgid agus cuireadh chuig Príosún féichiúnaithe Marshalsea Bhaile Átha Cliath é.[2] Ba dheirfiúr í Mary-Ann leis an ealaíontóir cáiliúil Éireannach agus ollamh péintéireacht in Acadamh Ríoga Londan, James Barry.[3] Bhí deartháir aici darb ainm John Bulkley agus bhí cailín eile níos óige sa teach.[2]

Tar éis do Jeremiah dul go dtí Marshalsea's, d'fhág Margaret agus Mary-Ann do Londain agus súil acu cabhair a fháil ó dheartháir Mary-Ann, James Barry. Dhiúltaigh Barry cabhair a thabhairt acu ar dtús[1]ach fuair sé bás go luath ina dhiaidh sin ar an dara lá is fiche de mhí Feabhra 1806 de bharr cúiseanna anaithnid.[4] Fuair siad oidhreacht ó Barry agus cuireadh Margaret in aithne do chuid de chairde Barry, Edward Fryer a bhí mar dochtúir agus Ginearál Francisco Miranda ó Veiniséala.[2]

Bhí oideachas curtha ar Margaret nuair a bhí sí mar deagóir ionas go mbeadh sí ábalta dul agus a bheith mar teagascóir ach níor d'obair sí riamh mar teagascóir.

Gairm Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

In san bhiain 1809, thosaigh Margaret ag déanamh stáidéar ar míochaine in Ollscoil Dún Éideann mar James Barry. Tar éis dhá bhliain de staidéar bhí an céim míochaine bainte amach aige. Tar éis do an scoil a fhagáil d'obair sé in Osipdéal Naomh Tomhás i Londain.[5]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí David Dumbreck ina Ardchigire ar na hOspidéil nuair a d'éirigh sí as. Fuair Margaret bás ar an cuigiú lá is fiche de mhí Iúil sa bhliain 1805 de bharr dinnireacht.[2] Fuair sí bás ag 14 sráid Margaret.[6] Bhí a mianta deireanach ag Margaret agus bhí sé go chuirfí í chun luí sna héadaí a bhí á gcaitheamh aici agus gan corp s'aici a ní. Níor leanadh na mianta seo agus nuair a ghlac an altra eadaí Margaret as corp s'aici chonaic sí go raibh anatamaíocht baineann aici agus ní anatamaíocht fireann mar a cheap siad go mbeadh.[3]

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá plaic anois in Ollscoil Dún Éideann in onóir de Margaret Ann Bulkley nó James Miranda Barry. Ar an phlaic deireann sé;

In honour of James Miranda Barry

c1795-1865

Army surgeon and Inspector General of hospitals in Canada, lived as a man, and believed to be the first woman graduate of the University (1812)[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Du Preez, Hercules Michael (2008-01). "Dr James Barry: The early years revealed". SAMJ: South African Medical Journal 98 (1): 52–58. ISSN 0256-9574. 
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 "Margaret Ann Bulkley (James Barry) (1789−1865) | The Embryo Project Encyclopedia". embryo.asu.edu. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  3. 3.0 3.1 Brynn Holland (07/03/2023). "The Extraordinary Secret Life of Dr James Barry".
  4. "James Barry (1741–1806)" (en). National Gallery of Ireland. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  5. "James Miranda Barry" (en). The University of Edinburgh. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  6. "Bound photocopies of papers from the Public Record Office re the life and career of James Barry (d. 1865), Inspector General of Military Hospitals, including an account (in own hand?) of their career" (en). Wellcome Collection. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  7. "James Miranda Barry" (en). The University of Edinburgh. Dáta rochtana: 2023-03-07.