Mappa mundi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Léarscáil an Domhain, léarscáil cháiliúil ón 13ú céad atá in Ardeaglais Hereford Shasana. Ar pár atá sí, 163 × 137 cm, an Domhan léirithe mar chiorcal, Iarúsailéim i lár baill agus an Bhreatain is Éire ar an imeall. Timpeall 500 léaráid atá uirthi agus eolas bealaí d'oilithreachtaí, trádáil, taisteal, ailtireacht, ainmneacha áiteanna, stair, miotaseolaíocht, fásra is ainmhithe. Bhí baol ann i 1988 go ndíolfaí í chun airgead a fháil leis an ardeaglais a dheisiú, ach chuir rialtas na Breataine airgead isteach chun é sin a sheachaint.