Mígréin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bean ag streachailt le mígréin

Is ionann mígréin agus staid ina mbíonn ó ghnáthphian go drochphian eipeasóideach ar thaobh amháin den chloigeann agus déanann daoine a bhíonn á fulaingt cur síos air go minic mar phian ina mbíonn bualadh rialta i gceist, a mhaireann ar feadh uaireanta nó fiú laethanta, ach ina mbíonn tréimhsí nach mbíonn pian idir na ruaigeanna. Nuair a thosaíonn mígréin d’fhéadfadh suaite amhairc a bheith in éineacht léi – ‘luan’ (cuireann seo isteach ar 20% de na daoine).

De ghnáth éiríonn an tinneas cinn níos measa trí ghluaiseacht nó trí ghnáthamh gníomhaíochta fisicí. D’fhéadfadh masman, urlacan, buinneach, mearbhall agus, i gcásanna áirithe, pairilis shealadach agus caillteanas urlabhra a bheith in éineacht leis seo.

Tuairiscítear go mbíonn íogaireacht don solas, torann agus bolaithe láidre. Ceaptar go dtarlaíonn na comharthaí de bharr athruithe sna fuileadáin sa chloigeann, ach ní fios go fóill an fáth go dtarlaíonn na hathruithe seo. Is galar oidhreachtúil é mígréin i dtuairim is 60% de na cásanna, agus fulaingíonn gach aoisghrúpa, páistí chomh hóg le 12 mhí san áireamh. Faigheann trí huaire níos mó ban ná fir mígréin, go hiondúil de bharr athruithe hormónacha. Braitheann an chóir leighis ar minicíocht na mígréine.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]