Drugaí frithbhaoth-thonnán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Drugaí chun an titimeas a shrianadh. Is frithbhaoth-thonnach na suaimhneasáin uile má úsáidtear dáileog mhór, ach tá drugaí ar leith níos fearr chuige, mar atá féineabarbatón, féineatóin, valpróáit sóidiam, is clónaiseapam. Ba é bróimíd photaisiam an chéad druga frith-thitimis a úsáideadh. An lia Sasanach Charles Locock (1799-1875) a thug isteach í i 1857, ar an tuiscint gur chuir sí srian ar libídeo (mheastaí ag an am go raibh baint idir titimeas is gníomhú gnéasach). An chéad dul chun cinn suntasach ab ea tabhairt isteach an fhéineabarbatóin sa Ghearmáin i 1912.