Màiri I, Banríon na nAlbanach
| Màiri I Marie Stuart |
|
|---|---|
| Banríon na nAlbanach | |
| Réimeas | 14 Nollaig 1542 – 24 Iúil 1567 |
| Dáta breithe | 8 Nollaig 1542 |
| Áit bhreithe | Gleann Iucha, Albain |
| Dáta báis | 8 Feabhra 1587 |
| Áit bháis | Northamptonshire |
| Réamhtheachtaí | Séamas V, Rí na nAlbanach |
| Comharba | Séamas VI |
| Rítheaghlach | Stuart |
| Céile | Francis II (1558-60), Henry Stuart (1565-67), James Hepburn (1567-78) |
Bá í Màiri I (ar a dtugtar is gnáthaí Màiri (Máire), Banríon na nAlbanach i nGaeilge agus Marie Stuart sa bhFhraincis) (8 Nollaig, 1542 - 8 Feabhra, 1587) Banríon na hAlban, ón 14 Nollaig, 1542 go 24 Iúil, 1567.
Ba í Máire an t-aon leanbh dlisteanach marthanach a bhí ag an Rí Séamas V. Bhí sí 6 lá d'aois nuair a bhfuair a hathair bás agus rinneadh Banríon na nAlbanach dí. Ghlac a máthair, Marie de Guise (Gaeilge na hAlban: Màiri de Guise) an leasríocht agus fuair a hiníon an Choróin naoi mí ina dhiaidh sin.
Phós sí François, Dauphin na Fraince, a tháinig i gcoróin François II, sa bhliain 1559. Mar sin féin, ní raibh Màiri ina Banríon na Fraince le fada; bhí sí ina mbaintreacha ar an 5ú lá Nollaig, sa bhliain 1560, nuair a fuair a fear céile bás. D'fhill Màiri ar ais go hAlbain, ag teacht i dtír i Lìte (nó 'Leith', sa Bhéarla) ar an 19 Lúnasa, sa bhliain 1561. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, phós sí a céad col ceathrar, Henry Stuart, Tiarna Darnley. Bhí aontas míshásta acu agus i Feabhra na bliana 1567, fuarthas Darnley marbh sa ghairdín ag Kirk o'Field , tar éis pléascadh ollmhór sa teach.
Phós sí James Hepburn, an 4ú Iarla Bothwell, go luath ina dhiaidh sin. Chreidtear go raibh Hepburn freagrach as an Tiarna Darnle a dhúnmharú. Tar éis éirí amach in aghaidh an lánúin, príosúníodh Màiri i gCaisleán Loch Lìobhann, ar an 15 Meitheamh agus iachall uirthi éirí as mar bhanríon, i bhfabhar a mac, nach raibh ach aon bhliain d'aois, Séamas VI. Clár [hide]