Luigne Chonnacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tuath in Éirinn na meánaoise ba ea Luíne Chonnacht (Sean-Ghaeilge Luighne Connacht) suite i dtuaisceart chúige Chonnacht, ar an teorainn idir na contaetha Maigh Eo agus Sligigh

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

As Breá, taobh ó dheas de Cheanannas i gContae na Mí ba ea Luíne Chonnacht ó dhúchas, i dteannta le treibheanna amhail is Gailenga, Saitne, Delbna agus Ciannachta .

Is dócha gur bronnadh tailte sna Connachta orthu, as ucht seirbhíse míleata, ag na Connachta agus Uí Néill ar a gcuid tailte nua-chlóite.[1][2]

Déantar trácht ar a gcuid eachtraí, a n-imirce agus lonnú sna Connachta, i Leabhar Uí Eaghra. Agus tá ról lárnach acu sa scéal faoi Chath Crionna.[3] De réir an scéil, téann Tadhg mac Céin agus a mhuintir as Éile sa Mhumhain ina dteannta.

Ainmníodh astu na barúntachtaí an lae inniu, Luíne (Contae na Mí) agus Luíne i Sligeach.

Luíne Chonnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh dlúthchaidrimh idir na Connachta taobh thiar den tSionainnUí Fiachrach, Uí Briúin agus Uí Ailella[4] — agus na Luíne, Gaileanga, Greacraí agus Corca Fhir Trí.

I gcúige Chonnacht, measadh gurbh Forthuath iad na Luíne agus a gcomharsana. Bhíodh Luíne i gceannas ar mhion- treibheanna (amhail is agus [Calraige|Calraí]], Greacraí and Corca Fhir Trí) agus b'fhéidir gurbh ard-ríogacht a bhí ann. Aithníodh seo nuair a cruthaíodh deoise Achadh Conaire sa dóú haois déag.[5]

Sa téacs in Rawlinson B 502, tá ginealach ar leith do Luíne Chonnacht, a scaradh ó phríomhghéag Luíne san 8ú haois, de shliocht Chinn Faoloadh, deartháir Fhlaithgheais.

An Teora Luighne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh gurbh iad An Teora Sloinnte Luighne ná Uí Eaghra, Uí Ghadhra agus Uí Dhoibhlin. De shliocht Doibhlin mhic Gormghasa iad an tríú acu, ar a nglaoitear ina thásc don bhliain 885 rí Luighne Connacht. Insítear go follasach gur de Chorca Fhir Trí é Dhoibhlean. Faoi ghéillsine na Luíne ó thús, d'éirigh siadsan ina rítheaghlach na tuatha.

Sa bhliain 993, deirtear gurbh Ua Gadhra ina thuatha Ghaileang (an tuath). Bhí a mhuintir i gceannas ann go dtí an 13ú haois nuair a chuir Mhic Shiúrdáin an ruaig orthu. I ndiaidh sin, glaodh go minic Mhic Shiúrdáin ar an tuath féin.[6]

Craobh ghinealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

 
 
 
Ailill Aulom
 
 
 
 
Cormac Cas
 
Eoghan Mór
 
Cian
 
 
 
 
Dál gCais
 
Eoghanachta
 
Éile, Ciannachta, Gailenga, Luíne, Delbna, Saitne
 
 
 
 
 
 
   Ailill Aulom
   |
   |________________________________________
   |                         |            |
   |                         |            |
   Cormac Cas Eógan Már Cian
   |                         |            |
   |                         |            |
   Dal gCais Eóganacht Tadhg ( &co)
                                          |
                             _____________|___________
                            |                        |
                            |                        |
                            Cormac Gaileang Connla
                            |
                            |
                            Loi
                            |
                            |_________________
                            |                |
                            |                |
                            Nia Corb Art Corb
                            |
                            |
                            Art
                            |
                            |
                            Fiodhchuire
                            |
                            |
                            Fidsheng
                            |
                            |
                            Natfraoch
                            |
                            |
                            Brénuinn
                            |
                            |
                            Fionnbharr
                            |
                            |
                            Diarmaid Mór
                            |
                            |
                            Ceann Faoladh
                            |
                            |
                            Taicleach
                            |
                            |______________________________
                            |                          |
                            |                          |
                            Flaithgheas Ceann Faoladh
                            |                          |
                            |                          |
                            Béc                "Luighne Connacht"
                            |
                            |
                            Saorghus
                            |
                            |________________________________________________
                            |                                              |
                            |                                              |
                            Eaghra Poprigh mac Saorghus, d. 928.   Sleiteachán
                            |                                              |
                            |                                              |
                      Clann Ó hEaghra Gadhra
                                                                           |
                                                                           |
                                                                 Domhnall mac Gadhra, d. 931.
                                                                           |
                                                                           |
                                                                     Clann Ó Gadhra

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. IKHK, lch. 69
  2. Eoin Mac Néill
  3. Lambert McKenna, ll. xvi-xvii
  4. IKHK, lch. 231, Is dúchas nach raibh sé go dtí deireadh na séú haoise gur tugadh ach orthu siúd an t-ainm ’Connachta’.
  5. IKHK
  6. McKenna, lch. xviii-xix