Loch Peipus
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Loch Peipus (Gaeilge) Peipsi-Pihkva järv (Eastóinis) Псковско-Чудское озеро (Rúisis) |
|
|---|---|
| Láthair: | An Eastóin, An Rúis |
| Foinsí uisce: | Emajõgi, Velikaya |
| Príomhaibhneacha sceite: | Narva |
| Dobharcheantar: | 47,800 km² |
| Tíortha imchuach: | An Eastóin, An Rúis, An Laitvia, An Bhealarúis |
| Achar dromchla: | 3,555 km² |
| Meándoimhneacht: | 7.1 m |
| Pointe is doimhne: | 15.3 m |
| Toirt uisce: | 25 km³ |
| Fad chósta: | 520 km |
| Airde dromchla: | 30 m |
| Oileáin: | Piirissaar, Kolpin, Kamenka |
| Lonnaíochta: | Mustvee, Kallaste |
Is loch mór fionnuisce é Loch Peipus (Eastóinis: Peipsi-Pihkva järv, Rúisis: Псковско-Чудское озеро (Чудско-Псковское озеро), Gearmáinis: Peipussee) suite ar an teorainn idir an Eastóin agus an Rúis i dtuaisceart na hEorpa.
Is é an cúigiú loch is mó in Eoraip tar éis na lochanna Ladoga agus Onega thuas ó Chathair Pheadair sa Rúis, Vänern sa tSualainn, agus Saimaa san Fhionlainn.
Tá a lán oileán suite ar an loch agus is féidir trí pháirt a roinneadh as:
- Loch Peipsi (Eastóinis: Peipsi järv, Rúisis: Чудское озеро) sa tuaisceart. Achar: 2670 km²
- Loch Pskov (Eastóinis: Pihkva järv, Rúisis: Псковское озеро) sa deisceart. Achar: 710 km²
- Loch Te (Eastóinis: Lämmijärv, Rúisis: Тёплое озеро) is ainm don sruth idir an dá loch. Achar 170 km²