Litríocht na Liotuáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fuair na Liotuánaigh sách deacair a gcultúr agus a litríocht dhúchasach a fhorbairt, nó níor tháinig a dteanga i gcrann mar theanga chultúrtha ach ón naoú haois déag i leith. Ní féidir a rá go ndéanfadh na Polannaigh aon iarracht an Liotuáinis a choinneáil faoi chos, ach mar sin féin, chuaigh cuid mhaith de na huaisle Liotuánacha leis an bPolainnis mar theanga chultúrtha. An pósadh a rinne cultúr tíre, béaloideas agus miotaseolaíocht na Liotuáine le teanga agus litríocht na bPolannach, áfach, bhí sé iontach torthúil, agus tá litríocht chlasaiceach na Polainnise foirgthe le móitífeanna Liotuánacha. Dá réir sin, dearcann na Liotuánach ar fhile náisiúnta na Polainne, Adam Mickiewicz, mar dhuine dá gcuid féin, agus iad den tuairim gur chóir Adomas Mickėvičius a thabhairt air ó cheart.

Katekizmas le Martyno Mažvydo (1547)

Meánaois[athraigh | edit source]

I rith na meánaoise, scríobhadh go leor litríochta Laidine sa Liotuáin.

Litríocht nua-aoiseach na Liotuáinise[athraigh | edit source]

B'é Kristijonas Donelaitis a chuir an chéad tús le litríocht nua-aoiseach na Liotuáinise leis an dán Metai ("Séasúir na Bliana"). Níor tháinig an dán i bprionta ach sa bhliain 1815, beagnach leathchéad bliain i ndiaidh bhás an fhile féin, agus is dócha nach dtiocfadh choíche, murach gur fhoilsigh an daonchara Prúiseach Ludwig Rhesa é. Sa bhliain 1845, tháinig an chéad leabhar staire amach sa teanga, mar atá, Būdas senovės Lietuvių kalnėnų žemaičių ("Nósanna na Sean-Liotuánach") le Simonas Daukantas.

Agus an naoú haois déag ag druidim chun deireanais, thosaigh ag géarú ar na feachtais a bhí ar siúl ag na húdaráis Phrúiseacha agus Rúiseacha leis an Liotuáinis a chur faoi chos i gcríocha an dá thír seo. Chuir na Prúisigh béim ar Ghearmánú na scoileanna, agus an Rúis Impiriúil ag troid na teanga féin: cuireadh cosc le foilsiú na leabhar Liotuáinise, ach an aibítir Choireallach a úsáid. Ní raibh cosc le leabhair Liotuáinise a chur i gcló sa Phrúis, áfach, agus b'ansin a d'fhoilsítí an chuid ba mhó de na leabhair Liotuáinise san am.

Neamhspleáchas[athraigh | edit source]

Le teacht an neamhspleáchais, bhí cead ag na Liotuánaigh a dteanga a shaothrú agus ollscoil Liotuáinise a bhunú in Kaunas. Ní raibh an Sóivéadú i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda in ann an Liotuáinis a bhaint de bhéal na ndaoine ná an saol cultúrtha a scrios, siúd is go raibh d'iallach ar go leor intleachtóirí Liotuánacha éalú roimh na díormaí Sóivéadacha agus a raibh fágtha dá saol a chaitheamh ar deoraíocht. Bhí tionchar nár bheag ag go leor acu seo ar léann agus chultúr a dtíortha nua. Is é an t-ainm is mó le rá acu, b'fhéidir, ainm Marija Gimbutas, a chaith an tréimhse ab fhearr dá saol ina hOllamh le Seandálaíocht in Ollscoil Chalifornia i Los Angeles (UCLA).

Scríbhneoirí an lae inniu[athraigh | edit source]

I measc scríbhneoirí an lae inniu, is é an file Tomas Venclova an duine is mó le rá acu. B'éigean dó, áfach, éalú ón Liotuáin Shóivéadach sa bhliain 1977, agus níor tháinig a chuid leabhar i gcló ina thír dhúchais roimh imeacht an Chumannachais.