Adam Mickiewicz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Adam Mickiewicz

B'é Adam Bernard Mickiewicz (Zaosie 24 Nollaig 1798 - Cathair Chonstaintín 26 Samhain 1855) file náisiúnta na Polainne. In éineacht le Juliusz Słowacki agus Zygmunt Krasiński, áirítear é ar an bhfile is mó de chuid an Rómánsachais Pholannaigh, agus é á chur i gcomparáid le Byron féin ó am go ham.

A Óige[athraigh | edit source]

Uaisle ab ea iad muintir Mickiewicz ó thaobh na dtaobhann. Mikołaj Mickiewicz a bhí ar a athair, agus b'í Barbara née Majewska a mháthair. D'fhás sé suas sa Liotuáin stairiúil, i gceantar ar cuid den Bhealarúis é inniu. Chuaigh sé ag staidéar in ollscoil Vilnius (Wilno), agus ansin, chuir sé suim sa náisiúnachas agus sa réabhlóideachas. San am seo, bhí críochdheighilt tar éis dul ar an bPolainn agus ar an Liotuáin, agus theastaigh ó na Polannaigh a dtír a shaoradh ó bhráca na Prúise, na hOstaire is na Rúise. Mar sin, bhí cumainn rúnda ag obair go gníomhach i measc an aos léinn.

Mickiewicz mar Scríbhneoir[athraigh | edit source]

I ndiaidh dó a chéim a bhaint amach, chuaigh Adam óg ag múinteoireacht i Kaunas (Kowno) sa Liotuáin. Sa bhliain 1823, tháinig na péas ar a lorg, agus díbríodh as fód a dhúchais é. Shocraigh sé síos i gCathair Pheadair, ach ó bhí sé tar éis cupla leabhar filíochta a fhoilsiú cheana féin, fuair sé fáilte chairdiúil ó scríbhneoirí Rúiseacha na háite ar thaitin a chuid dánta leo. Thairis sin, chuaigh a chuid dea-bhéasaíochta agus óráidíochta go mór i bhfeidhm ar aos intleachta na cathrach. Sa bhliain 1825, chaith sé seal sa Chrimé, agus fuair sé inspioráid sraith dánta a chumadh - Sonety Krymskie, nó Soinéid na Crimé.

Sa bhliain 1828, d'fhoilsigh sé dán mór eipiciúil - Konrad Wallenrod. Tugann an mórshaothar seo cur síos ar na Ridirí Teotanacha, agus iad ag cur cogaidh ar na Liotuánaigh Phágánta. Fáthscéal atá ann a fuair spreagadh ó choimhlint na bPolannach agus na Rúiseach, ach níor aithin cinsirí an tSáir é, agus mar sin, cuireadh an dán i gcló.

Nuair a fuair Mickiewicz cead taistil arís, thréig sé an Rúis agus chuaigh sé ar imirce go dtí an Ghearmáin, agus ina dhiaidh sin, go dtí an Iodáil. B'ansin a chum sé an chéad dá dhán eipiciúla eile, mar atá, Dziady ("Oíche Shamhna") agus Pan Tadeusz ("An Tiarna Tadeusz"). Úrscéal iomlán i bhfoirm véarsaíochta is ea é Pan Tadeusz, agus is é an saothar is faide a tháinig as a pheann. Cur síos atá ar shaol na tuaithe is na n-uasal sa Liotuáin (is é sin, i sean-Ard-Diúcacht na Liotuáine, - le fírinne, tá fód dúchais Mickiewicz sa Bhealarúis inniu), agus é suite sa bhliain 1812, faoin am ar fhéach na Polannaigh is na Liotuánaigh lena sean-neamhspleáchas a bhaint amach arís, le cuidiú Napoleon.

Sa bhliain 1832, thréig Mickiewicz an Iodáil agus d'aistrigh sé go Páras. Chaith sé cupla bliain i mbochtanas, agus phós sé Celina Szymanowska, bean Pholannach de phór Ghiúdach. Níor iompaigh an pósadh amach rathúil, nó buaileadh Celina breoite le galar intinne go gairid ina dhiaidh sin. Fuair Adam Mickiewicz post léachtóireachta sa Collège de France, ansin, mar Ollamh le Léann Slavach. San am seo, áfach, bhí sláinte a intinne ag teip air féin, agus an cruachás a ndeachaigh sé tríd. Níor éirigh an léachtóireacht leis, nó bhí sé ag tarraingt cúrsaí polaitíochta agus creidimh chuige nuair ba chóir dó bheith ag tabhairt cuntais ar an litríocht. Sa bhliain 1844, i ndiaidh trí bliana léachtóireachta, d'éirigh sé as an bpost. Bhí sé faoi thionchar fhealsúnacht Mheisiasach Andrzej Towiański, smaointeoir mistiúil reiligiúnda ón bPolainn a bhí ag cur faoi san Fhrainc i dtús na 1840idí, agus ní raibh smaointeachas Towiański ag taithneamh le rialtas na Fraince ná fiú le cuid mhaith de na himirceoirí Polannacha i bPáras.

Dealbh cuimhneacháin i gCearnóg Główny (Cracó) do Mickiewicz

Nuair a phléasc trioblóidí réabhlóideacha amach ar fud na hEorpa sa bhliain 1848, d'fhéach Mickiewicz le Léigiún Polannach a earcú as measc lucht na himirce - arm a rachadh go dtí an Pholainn leis an tír a shaoradh ó bhráca na Rúise. Ina dhiaidh sin, bhunaigh sé an iris úd La Tribune des Peuples, nó "Ardán na Náisiún", i bPáras. Bhí an iris dírithe ar chás na náisiún is na náisiúntachtaí a bhí faoi bhráca na Rúise agus na gcumhachtaí móra eile a chur os comhair an tsaoil mhóir. Ní raibh an iris ag teacht amach ach ar feadh bliana, nó ansin, b'éigean do na húdaráis Fhrancacha í a dhúnadh síos faoi bhrú ambasáid na Rúise.

Deireadh a shaoil[athraigh | edit source]

Fuair Adam Mickiewicz bás sa bhliain 1855. San am sin, bhí na Sasanaigh agus na Rúisigh ag cur cogaidh ar a chéile faoin gCrimé, agus theastaigh ó Mickiewicz saighdiúirí Polannacha a earcú ina Léigiún Polannach le páirt a ghlacadh sa chogadh. Nuair a bhí sé ag tabhairt cuairte ar champa míleata sa Tuirc, tholg sé calar, agus stiúg sé leis an aicíd seo go luath. hAdhlacadh i bPáras é, ach tugadh a chnámha go dtí Cracó sa Pholainn sa bhliain 1900.