Lámhach John Caldwell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLámhach John Caldwell
Cineállámhach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana22 Feabhra 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Ómaigh, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
TírTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna0 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe1 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireNew Irish Republican Army (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na ngabhálacha
6 Cuir in eagar ar Wikidata

Ar 22 Feabhra 2023, scaoileadh póilín de chuid an SPTÉ ar an Ómaigh, an Bleachtaire Príomhchigire John Caldwell Bhí ardphróifíl Caldwell agus baint lárnach aige le mórfhiosrúcháin coiriúla, mar shampla Dúnmharú Lyra McKee.[1]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh Caldwell ar dualgas nuair a tharla an t-ionsaí air. Cé go raibh iomrá ar an gcigire Caldwell as a bheith i gceannas ar fhiosruithe faoi dhúnmharuithe a bhí go mór i mbéal an phobail, ba bhall gníomhach den phobal ina cheantar dúchais é.[2]

Bhí roinnt ógánach faoina chúram ag ionad spóirt, a mhac fhéin san áireamh. Bhí sé ag cur liathróidí i mbúit a chairr ag an am, tar éis seisiún peile le daoine óga, cluiche sacair faoi-aois ag spórtlann ar Bhóthar Choillidh Chlochair i dTír Eoghain. Bhí sé ag obair le foirne an chlub le fada, aithne air go forleathan agus ardmheas air. Bhí a mhac in aice leis ag an am.

stáisiún póilíní ar an Ómaigh

Lámhachadh Caldwell roinnt mhaith babhtaí agus gortaíodh go dona é, fágtha i mbaol a bháis.[3] Caitheadh 10 gcinn de philéir. Bhuail péire acu feithiclí eile san áit a raibh an Cigire Caldwell páirceáilte.[4]

D'eisigh na póilíní íomhánna ó cheamaraí slándála den Ford Fiesta gorm a thiomáin lucht an ionsaithe go dtí an Ómaigh.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig ceannairí na gcúig pháirtí mhóra le chéile chun an t-ionsaí a cháineadh. Timpeall an ama seo, bhí an DUP ag dúirt nach rachaidís ar ais i dTionól Thuaisceart Éireann gan margadh faoin Phrótacal. Timpeall an ama a lámhachadh Caldwell, rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe agus an tAontas Eorpach margadh nua Breatimeachta.[5]

Príomhalt: Creat Windsor
Bhí ardphróifíl Caldwell agus baint lárnach aige le mórfhiosrúcháin coiriúla, mar shampla Dúnmharú Lyra McKee.

Fiosrúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar gurb iad easaontóirí poblachtacha a bhí taobh thiar den ionsaí.[5] Dúirt na póilíní gur ag díriú ar easaontóirí poblachtacha an 'IRA Nua’ atá an fiosrúchán.[6]

Dúirt na póilíní gur coirpigh ón bpobal Protastúnach, a raibh baint acu le heasaontóirí poblachtacha, is ea cuid den drong a chreideann siad a rinne iarracht Caldwell a mharú [7] Tá na coirpigh seo i gconradh ceilge le heasaontóirí poblachtacha le tamall fada (níl siad bainteach le paraimíleataigh dhílseacha).

Bhí £150,000 de luach saothair á thairiscint ar aon eolas a chiontódh an dream a ba chúis leis an ionsaí.[8]

Ar 26 Bealtaine 2023, bhí aon duine dhéag gafa san Ómaigh agus in Oileán an Ghuail, naonúr fear agus beirt bhan idir 21 bliain agus 72 bliain d'aois.[9]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cathal Mac Coille (25 Feabhra 2023). "Macalla na staire san Ómaigh – macalla nach mian linn a chloisteáil go deo arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-10.
  2. Póilín Ní Chiaráin (26 Feabhra 2023). "Uafás ar an Ómaigh agus an lámh láidir á coinneáil beo" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-10.
  3. Nuacht RTÉ (2023-02-23). "Triúr fear gafa faoin ionsaí san Ómaí" (as ga-IE). 
  4. Nuacht RTÉ (2023-02-27). "Físeán den charr a bhí ag lucht gunnaí na hÓmaí" (as ga-IE). 
  5. 5.0 5.1 Conradh na Gaeilge, Londain (25 Feabhra 2023). "Nuacht Mhall (podcast) (Tír Eoghain)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-03-09.
  6. Nuacht RTÉ (2023-02-24). "Cinnirí ag cruinniú leis an PSNI faoi ionsaí na hÓmaí" (as ga-IE). 
  7. Nuacht RTÉ (2023-03-02). "Fir ón bpobal Protastúnach gafa faoi ionsaí ar phóilín sinsearach" (as ga-IE). 
  8. Nuacht RTÉ (2023-02-27). "Físeán den charr a bhí ag lucht gunnaí na hÓmaí" (as ga-IE). 
  9. Nuacht RTÉ (2023-05-26). "11 duine gafa faoi ionsaí lámhaigh ar phóilín sinsearach" (as ga).