Sceitheadh eolais de chuid na SPTÉ

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSceitheadh eolais de chuid na SPTÉ
Cineálsárú ar shonraí Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana9 Lúnasa 2023
8 Lúnasa 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
TírTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

Tharla sceitheadh eolais de chuid na SPTÉ (Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann) nó PSNI ar 8 Lúnasa 2023 i dTuaisceart Éireann. Scaoil an SPTÉ féin ainmneacha agus sonraí fostaíochta póilíní agus lucht oibre de (SPTÉ nó PSNI) ar shuíomh idirlín. Rinne an SPTÉ an ollbhotún seo mar fhreagra ar Iarratas ar Shaoráil Faisnéise.

Meirge SPTÉ
D'fhoilsigh an SPTÉ féin a chuid sonraí féin de thaisme ar an suíomh WhatDoTheyKnow.[1]

Imeacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

freagra ar Iarratas ar Shaoráil Faisnéise.

Tharla sárú ar shonraí seo de bharr fhreagra a thug an SPTÉ ar Iarratas ar Shaoráil Faisnéise a d'iarr líon iomlán na n-oigifeach agus na mball foirne i ngach rang den eagraíocht. D'fhoilsigh an SPTÉ féin a chuid sonraí féin de thaisme ar an suíomh WhatDoTheyKnow.[1][2]

San fhreagra ar an iarratas agus a foilsíodh, tharla go raibh tábla eolais leabaithe ann a chuimsigh faisnéis faoi rang agus grád na foirne, ach a thug freisin sloinne, inisil, ionad oibre agus rannóg gach fostaí de chuid an PSNI.

Earráid dhaonna gan drochrún a bhí ann. Ní raibh eolas ag SPTÉ faoin eachtra sula chonaic siad an botún ar líne níos déanaí.[3]

D'fhág an sárú ar shonraí go raibh roinnt sonraí pearsanta faoi oifigigh reatha an PSNI foilsithe trí thimpiste ar líne ar feadh dhá uair.

Tugadh "breach" ar an eachtra seo sa phreas i mBéarla, ach tharla "sceitheadh eolais" i ndáiríre agus bhí an locht go hiomlán ar an SPTÉ féin (goideadh ríomhaire glúine agus cáipéisí de chuid an SPTÉ, a bhí i gcarr, ar 6 Lúnasa, ach coir leamh a bhí ann. Sin ráite, i measc na gcáipéisí a tógadh bhí bileog a chuimsigh ainmneacha breis agus 200 oifigeach agus ball foirne).[4]

Níor éirigh Simon Byrne as a phost mar Prhíomh-Chonstábla.

Fiosrú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an sárú a rinne an SPTÉ á fhiosrú ag an SPTÉ. Ghabh an fórsa leithscéal lena fhoireann, á rá gur earráid dhaonna ba chúis leis.[4]

Bagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba chúis imní í mar gheall ar bhagairt slándála ó sceimhlitheoireacht. Ghabh an t-Ardchonstábla Cúnta, Chris Todd, leithscéalta leis an fhoireann as an sárú ar shonraí pearsanta. Cúpla lá níos déanaí, fógraíodh go raibh cuid de na sonraí ag easaontóirí poblachtacha agus iad á gcur timpeall ar WhatsApp.

Bhí an bhagairt ar an SPTÉ ó sceimhleitheoirí curtha ag leibhéal tromchúiseach, a dúirt an Police Federation of Northern Ireland, rud a d'fhág gur an-dócha go mbeidh ionsaí ann.

Mí Feabhra 2023 a caitheadh agus a gortaíodh go dona an bleachtaire John Caldwell, agus é ag ionad spóirt i gCo. Thír Eoghain.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Lámhach John Caldwell

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "WhatDoTheyKnow" (as en) (2023-08-15). Wikipedia. 
  2. "Make and browse Freedom of Information (FOI) requests" (en). WhatDoTheyKnow. Dáta rochtana: 2023-08-16.
  3. Conradh na Gaeilge Londain (12 Lúnasa 2023). "‎Nuacht Mhall: (Dún na nGall)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-08-16.
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2023-08-10). "Bord Póilíneachta an Tuaiscirt ag plé an tsárú ar shonraí" (as ga-IE).