Konstantin Eduardovitch Ziolkofsky

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ziolkofsky i 1935

Innealtóir a rugadh in Ijevsk na Rúise ab ea Konstantin Eduardovitch Ziolkofsky (1857-1935). Thóg sé an chéad tollán gaoithe sa Rúis i 1891. Dhear sé aerlonga móra. D'fhoilsigh sé a chéad pháipéar ar thaisteal sa spás i 1903. Dhear sé aerárthaigh is spásárthaigh roicéadtiomáinte, agus faoi 1924 mhol árthach le foireann ar bord a d'fhéadfadh aisfhilleadh tríd an atmaisféar go talamh. D'aistrigh NASA a fhoilseacháin uile i 1965.