Klaus von Klitzing

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Klaus von Klitzing

Fisicí a rugadh i Środa na Polainne (Schroda na Gearmáine ag an am) ar an 28 Meitheamh 1943 is ea Klaus von Klitzing. Sa bhliain 1977 d'fhoilsigh sé páipéar ag cur síos ar iompar leictreonach déthoiseach ina raibh iarmhairt chandamach Hall léirithe, ach níor thuig sé féin ná daoine eile a thábhacht seo. I 1980 a thuig sé féin an tábhacht iomlán. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic as an bhfionnachtain i 1985.