Kevin Doyle

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Kevin Doyle
Kevin Doyle.png
Eolas pearsanta
Dáta breithe 18 Meán Fómhair, 1983
Áit breithe Maigh Arnaí, Contae Loch Garman
Club reatha
Club Wolverhampton Wanderers
Suíomh 9
Foirne mar imreoir
2002–2003
2003–2005
2005–2009
2009–inniu
2006-inniu
St Patrick's Athletic F.C.
Cork City F.C.
Reading F.C.
Wolverhampton Wanderers
Poblacht na hÉireann

Is imreoir sacair Éireannach é Kevin Edward Doyle (a rugadh ar an 18 Meán Fómhair 1983 i gContae Loch Garman), atá ag imirt faoi láthair ina thosaí le Wolverhampton Wanderers sa Premier League i Sasana, agus le foireann idirnáisiúnta Phoblacht na hÉireann.

Gairmréim (Clubanna)[athraigh | edit source]

League of Ireland[athraigh | edit source]

Thosaigh Doyle ag imirt le St. Patrick's Athletic in Éirinn i mí Mheán Fómhair 2001. Ar dtús, d'imir sé leis an bhfoireann faoi-18, ach bhuaigh sé áit san fhoireann sinsearach gan mhoill. Sa bhliain 2003, bhog Kevin go dtí Cork City F.C., áit ina d'imir sé ar feadh tamaill i lár na páirce. D'aimsigh sé 25 cúl nuair a athraíodh ar ais ina thosaí é.

Championship[athraigh | edit source]

Cheannaigh an fhoireann Sasanach Reading F.C. é i gcomhair €117,000 sa bhliain 2005, roimh an tséasúr 2005-06. Tháinig sé isteach sa scuaid ag áit ina raibh imreoirí eile gortaithe, agus mar thoradh fuair sé áit san fhoireann. D'imir sé páirt tábhachtach san fhoireann agus bhuaigh siad an Championship. Phioc sé suas bonn eircom league freisin nuair a bhuaigh Cork City an léig.

Príomhroinn Shasana[athraigh | edit source]

Sa tséasúr 2006-07, bhí Kevin agus Reading ardaithe go dtí an Premier League. Scóráil sé 16 cúl agus ag deireadh an tséasúir bhí sé ainmnithe i gcomhair PFA Young Player of the Year. Chríochnaigh Reading sa 9ú áit.

Gairmréim idirnáisiúnta[athraigh | edit source]

Tá cluichí imeartha ag Kevin i gcomhair an na foirne faoi-21 agus sinsir. D'imir sé a chéad chluiche le foireann sinsir na hÉireann i gcoinne na Sualainne i mí an Mhárta 2006. I mí Mheán Fómhair na bliana seo, thosaigh sé an cluiche i gcoinne na Gearmáine. D'aimsigh sé a chéad chúl i gcomhair Phoblacht na hÉireann i gcoinne Shan Mairíne agus anois tá sé cinn gnóthaithe aige.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]