Katyn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is baile beag i Katyn suite in aice le Smolensk in Iarthar na Rúise. Nuair a d'ionsaigh arm na Gearmáine an Pholainn i Mí Mheán Fómhair 1939, tháinig na Sóivéadaigh isteach ón taobh eile, agus sa deireadh, chuaigh críochdheighilt ar an bPolainn de réir na teorainn a bhí socraithe ag an nGearmáin agus ag an Aontas Sóivéadach roimhe sin. Bhí an Pholainn cloíte ag an nGearmáin agus ag an Aontas Sóivéadach in éineacht, agus fágadh cuid mhór saighdiúirí Polannacha i mbraighdeanas sa Rúis.

An sléacht

Ar an 5 Márta 1940 shínigh Beriya, ceannasaí na bhfórsaí slándála san Aontas Sóivéadach, ordú chun na mílte oifigeach agus sibhialtach Polannach a mharú faoi cheilt. Déanadh cuid mhaith den dúnmharú i coillte gKatyn. Is deacair a rá cé mhéid a maraíodh ansin, ach is dócha go raibh timpeall ocht míle oifigeach airm agus 21,768 daoine go h-iomláin idir Katyn agus áiteanna eile.

Shéan an rialtas Sóivéadach as na cinedheighilte le blianta fada, ach faoi deireadh sa an bhliain 1990 glach siad gur cuireadh an marú i gcrích faoi orduithe Sóivéadach.

Fuair Lech Kaczynski (uachtarán na Polainne ó 2005 go 2010) agus 130 daoine eile bás i dtubaiste aeir sa Rúis ar an 10ú lá de mhí Aibreáin, 2010, le 130 daoine eile, is iad ag taisteal go cuimhneachán i gKatyn.