Julian Assange

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Julian Assange
Julian Assange (Norway, March 2010).jpg
Assange sa bhliain 2010.
Dáta breithe 3 Iúil, 1971
  Townsville, Queensland, an Astráil
Gairm Iriseoir , foilsitheoir agus gníomhaí Idirlíon
Suíomh gréasáin

Iriseoir, foilsitheoir agus gníomhaí Idirlín is ea Julian Paul Assange (rugadh ar an 3 Iúil, 1971). Tá aithne níos fearr air mar urlabhraí agus príomheagarthóir WikiLeaks, láithreán gréasáin sceithireachta. Sula raibh sé ag obair leis an láithreán gréasáin, bhí sé ina mhac léinn fisice agus matamaitice agus ina ríomhchláraitheoir chomh maith. Bíonn sé ina chónaí i dtíortha éagsúla agus dúirt sé féin nach bhfanann sé ró-fhada in aon áit amháin ach ar feadh seal. Bíonn sé le feiceáil go poiblí go neamhrialta agus é ag labhairt faoi chinsireacht, saoirse an phreasa agus iriseoireacht iniúchacht; bhuaigh sé freisin trí dhuais iriseoireachta as a chuid oibre le WikiLeaks; an Economist Index on Censorship Award (2008), an Amnesty International UK Media Award (2009) agus an Sam Adams Award (2010).

Bhunaigh Assange an láithreán gréasáin conspóideach WikiLeaks sa bhliain 2006 agus feidhmíonn sé ar a bhord comhairleach. Sa cháil seo, bhí sé gafa le hábhair a fhoilsiú a rinne cur síos ar: dúnmharuithe seachbhreithiúnacha sa Chéinia, dumpáil dramhaíola tocsaineacha ar chósta na hAfraice, lámhleabhair Eaglais na hEolaíochta, nósanna imeachta san ionad coinneála Camp X-Ray (Guantánamo), agus ábhair a bhain le bainc mhóra ar nós Kaupthing agus Julius Baer i measc doiciméad eile.