Johnny Báille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohnny Báille
Beathaisnéis
Breith25 Márta 1932
Leitir Móir, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Meán Fómhair 2004
72 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmcaptaen farraige Cuir in eagar ar Wikidata

Captaen báid Éireannach as an Doirín Glas, Leitir Móir, Contae na Gaillimhe ab ea Johnny Báille (1932–2004). Ba leis an bád cáiliúil An Capall a tógadh ar dtús dá shin-seanathair, Tom Báille, thart ar 1860.[1] Bhí muintir Johnny ag iompar móna agus earraí eile go Contae an Chláir, Oileáin Árann, agus Cathair na Gaillimhe leis na glúnta.[2] Fuair Johnny an trálaer Naomh Cáilín in 1959 agus rinne sé iascaireacht ann. Bhí baint aige le Cruinniú na mBád i gCinn Mhara agus ghlac sé páirt sna rásaí bád go dtí deireadh a shaoil.[2]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9. 
  2. 2.0 2.1 "Johnny Báille (1932–2004)". Dáta rochtana: 2024-01-23.