John de Courcy Ireland

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staraí agus scríbhneoir ab ea é John de Courcy Ireland (19 Deireadh Fómhair, 19114 Aibreán, 2006), a chaith a shaol le cúrsaí polaitiúla agus muirí. Bhí de Courcy Ireland páirteach i bhfeachtain iomadala polaitíóchta, agus is iomaí gradam a bronadh air ar fud an domhain ar son na taighde a rinne sé ar an bhfarraige.

Chaith sé na blianta ar muir agus d'fhoghlaim a lán teangacha. Scríobh sé an-chuid leabhar faoi ghnéithe den stair a bhain le cúrsaí muirí.

Throid sé go láidir ar son aitheantais do na daoine a chaith a saol ar muir. Chuir sé an-díomá agus fearg air nach raibh aird ag rialtaisí na hÉireann ar thábhacht na farraige sa stair agus don eacnamaíocht. Ba chóir dóibh a thuiscint, adúirt sé, gur ar oileán a bhí siad agus go raibh gá acu leis an fharraige. I measc na dtíortha a bhronn gradam air ar son a chuid taighde bhí An Airgintín, An Fhrainc agus an Iúgslaiv.

Chaith sé 40 bliain ag obair leis na báid tharrthála i nDún Laoghaire, agus scríobh sé stair an chuain sin.

Labhair sé amach go láidir in aghaidh pholasaí eachtrannach SAM, agus bhí sé gníomhach sna hagóidí in aghaidh Uachtaráin Mheiriceá nuair a thug Ronald Reagan cuairt ar Éirinn i 1984.