Cuan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cuan Capri san Iodáil; radharc ó Anacapri sa bhliain 2013

Is éard is cuan ann (ar a dtugtar caladhcalafort freisin; Béarla: harbour) ná limistéar uisce faoi fhothain inar féidir le longa, báid, agus báirsí teacht chun cé.

Tá cuanta nádúrtha agus saorga araon ann. Déantar cuan saorga trí mhuirmhúr, balla farraige, nó lamairne a thógáil, nó uaireanta trí dhreidireacht, agus sa chás sin caithfear cothabháil a dhéanamh trí dhreidireacht bhreise ar bhonn rialta. Is cuan saorga é Cuan Long Beach, California sna Stáit Aontaithe. Ní raibh ann ach grúpa riasc goirt agus réileán taoidmhear nach raibh sách domhain do longa ceannaíochta nua-aimseartha sula ndearnadh dreidireacht air go luath san 20ú haois.[1] I gcodarsnacht leis sin, bíonn talamh thart timpeall cuan nádúrtha. Is cuanta nádúrtha iad Cuan Sydney san Astráil, Cuan Halifax in Halifax, Albain Nua, Ceanada, agus Cuan Trincomalee i Srí Lanca.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Geology 303 Ch 8 Los Angeles and Long Beach Harbors”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-02-23. Dáta rochtana: 2014-01-21.