John Gormley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán Ó Gormlaigh
John Gormley TD, Minister for the Environment, Heritage and Local Government.jpg

In oifig
14 Meitheamh 200723 Eanáir 2011
Réamhtheachtaí: Risteard de Róiste
Comharba: Éamon Ó Cuív

In oifig
17 Iúil 2007 - 27 Bealtaine 2011
Réamhtheachtaí: Trevor Sargent
Comharba: Éamon Ryan

Dáta breithe 4 Lúnasa 1959
  BÁC, Éire
Páirtí Comhaontas Glas

Polaiteoir Éireannach de chuid an Chomhaontais Ghlais é Seán Ó Gormlaigh[1] (a rugadh ar an 4ú lá Lúnasa 1959 i mBaile Átha Cliath). Oileadh é i gColáiste Naomh Mainchín i Luimneach, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus in Ollscoil Freiburg sa Ghearmáin.

Chuaigh sé san iomaíocht in olltoghchán don chéad uair i 1989. Toghadh é chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i 1991 agus bhí sé mar Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath ó 1994-1995. Toghadh é chun na Dála i Meitheamh 1997.

Toghadh é ina cheannaire (mar chomharba ar Trevor Sargent) ar an 17 Iúil 2007. Bhí sé mar Chathaoirleach an pháirtí ó 2001, ach bhí air éirí as an gcúram sin de réir bhunreacht an pháirtí, nuair a rinneadh aire rialtais de i 2007.

Bhí sé mar údar ar The Green Guide for Ireland (Cló Wolfhound 1990). Tá sé pósta, agus iníon agus mac amháin aige.

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]