Isiméireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is brí leis an isiméireacht ná gur féidir le dhá chomhdhúil difriúla a bheith mar an gcéanna ó thaobh choibhneas na ndúl de, cé nach ionann a dtréithe ceimiceacha. Is é is cúis leis an isiméireacht ná go bhfuil struchtúr na móilíní difriúil ag an dá chomhdhúil. Bíonn an isiméireacht an-tábhachtach sa cheimic orgánach (ceimic na gcomhdhúl a bhfuil carbón iontu), ós féidir na milliúin comhdhúile éagsúla a thógáil as na hadaimh charbóin, chomh réidh is a cheanglaíonn siad naisc dá chéile, ionas go gcruthaítear slabhraí fada carbóin.

An Dá Chineál Isiméireachta[athraigh | edit source]

Go bunúsach, tá dhá chineál isiméireachta ann: isiméireacht struchtúrach agus steiré-isiméireacht. San isiméireacht struchtúrach nasctar na hadaimh dá chéile ar bhealaí éagsúla. Sampla de seo is ea iad an dá chineál alcól próipile: an t-alcól normalach próipile CH3CH2CH2OH agus an t-alcól iseapróipile CH3CHOHCH3. San alcól normalach próipile, tá an feidhmghrúpa, an hiodracsalghrúpa -OH ar a n-aithnítear na halcóil, tá sé nasctha de cheann an tslabhra carbóin, agus san alcól iseapróipile, tá sé nasctha den adamh láir sa slabhra. Sa steiré-isiméireacht, is é an struchtúr tríthoiseach atá difriúil.

An Isiméireacht Struchtúrach[athraigh | edit source]

De réir na hainmníochta idirnáisiúnta, is féidir linn própán-1-ól a thabhairt ar an alcól normalach próipile agus própán-2-ól ar an alcól iseapróipile. San ainmníocht sin, glactar leis an slabhra carbóin is faide sa mhóilín mar bhunús, agus na feidhmghrúpaí is na craobhacha a ghobann amach as an mbunstruchtúr seo, luaitear iad in ainm córasach na comhdhúile le huimhir an adamh carbóin sa bhunstruchtúr a bhfuil an feidhmghrúpa nó an chraobh nasctha dó. Is gnách malartaí a thabhairt ar an bhfeidhmghrúpa nó ar an gcraobh sin, nó is féidir dearcadh ar an struchtúr mar a bheadh adamh hidrigine sa bhunstruchtúr malartaithe ar an bhfeidhmghrúpa nó ar an gcraobh sin. Sa dá chineál própánól, is féidir linn a shíleadh gur móilín própáin CH3CH2CH3 a bhí ann ar dtús agus gur malartaíodh ceann de na hadaimh hidrigine ar an hiodracsalghrúpa, ionas go bhfuarthas própánól.

Is isiméirí iad an dá chineál própánól agus an t-éitear meitileitile (an mheatocsa-eitéin) CH3OCH2CH3, cé nach ionann feidhmghrúpaí an dá phrópánól (ar alcóil iad) agus an éitir seo (ós éitear é). Tá an t-éitear meitileitile an-difriúil leis an dá phrópánól ó thaobh na dtréithe fisiceacha agus ceimiceacha de. Mar shampla, is gás é le teocht an tseomra agus faoi ghnáthbhrú an atmaisféir, nuair is leachtanna iad an dá phrópánól. Níl an t-éitear meitileitile chomh sothuaslagtha san uisce agus an dá phrópánól, ach an oiread. Is féidir an dá phrópánól a mheascadh tríd an uisce i do rogha coibhneas, ach de ghnáth, bíonn srianta le hintuaslagthacht na n-éitear san uisce. (Ní féidir teacht ar shonraí cruinne intuaslagthachta an éitir seo ar an Idirlíon, ach maidir leis an dá éitear simplí eile, an t-éitear dé-eitile CH3CH2OCH2CH3 agus an t-éitear démheitile CH3OCH3, is féidir timpeall ar 70 ml de cheachtar a thuaslagadh in aon lítear uisce, agus is dócha nach bhfuil intuaslagthacht an éitir mheitileitile mórán níos airde ná níos ísle ná sin.)

An Tátaiméireacht[athraigh | edit source]

Tátaiméireacht atá i gceist, má tá cothromaíocht cheimiceach idir an dá isiméir, ionas nach féidir iad a dhealú ó chéile. Is í an tátaiméireacht idir eanóil agus céatóin an sampla is coitianta, b'fhéidir. Tugtar eanóil ar na comhdhúile orgánacha ina bhfuil grúpa hiodrocsaile ceangailte d'adamh carbóin a bhfuil nasc dúbailte idir é agus adamh carbón eile. Go bunúsach, bíonn na heanóil éagobhsaí, agus iad ag athrú go spontáineach go céatóin, mar seo:

R1-CH=C(R2)OH (eanól) -> R1-CH2-C(=O)-R2 (céatón)

Anseo, seasann R1 agus R2 do ghrúpaí éagsúla d'adaimh. Más ionann R2 agus adamh hidrigine, gheofar aildéad, seachas céatón.

Tá eanóil ann, áfach, ina bhfaigheann an grúpa hiodrocsaile "tacaíocht" ón struchtúr leictreonach ina thimpeall, ionas go bhfágfar céatadán beag den eanól sa chéatón. Uaireanta, bíonn tionchar an chéatóin ar thréithe ceimiceacha an chéatóin le haithint ar an dóigh a n-imoibríonn sé leis na comhdhúile eile, agus is féidir leas a bhaint as an iarmhairt seo sa teicneolaíocht. Go tipiciúil, is féidir leis an eanól gníomhú mar aigéad lag agus imoibriú le bunanna, ionas go gcruthaítear ainiain eanóláite,

R1-CH=C(R2)O-.

An Steiré-Isiméireacht[athraigh | edit source]

Más ionann struchtúr an dá mhóilín mar a bhreactar síos ar pháipéar é, is féidir dóibh bheith difriúil ó thaobh an struchtúir thríthoisigh de. Tugtar steiré-isiméireacht air seo. San eanantaiméireacht tá dhá mhóilín againn agus iad ina scátháin scáile dá chéile. Is féidir, áfach, do dhá mhóilín bheith ina steiré-isiméirí cé nach bhfuil siad ina n-eanantaiméirí. Ansin, tugtar diaisteiré-isiméirídiaisteiréiméirí orthu.

Ní mór an steiré-isiméireacht a dhealú ón gconformáil. Is éard atá i gceist leis an gconformáil ná an dóigh a bhfuil an móilín "camtha" faoi láthair, agus is féidir don mhóilín chéanna dul ó chonformáil go conformáil go furasta. Tá sé i bhfad níos deacra na steiré-isiméirí a chlaochlú go steiré-isiméirí eile.

An Steiré-Isiméireacht agus an Isiméireacht Struchtúrach i gComparáid[athraigh | edit source]

Bíonn na hisiméirí struchtúracha difriúil ó thaobh na ceimice de. Mar shampla, is féidir linn comhdhúile isiméireacha a chruthú nach ionann na feidhmghrúpaí iontu, cé gurb ionann líon na n-adamh is na ndúl iontu. Cuir i gcás, is é an feidhmghrúpa -COOH, an carbocsailghrúpa, a dhéanann aigéad carbocsaileach den chomhdhúil orgánach. Tá an feidhmghrúpa sin comhdhéanta as an gcarbóinilghrúpa -CO- agus as an hiodracsalghrúpa -OH. Má tá comhdhúil againn ina bhfuil an dá ghrúpa seo suite ar thaobhanna éagsúla den tslabhra fhada d'adaimh charbóin, níl sí féin ina haigéad carbocsaileach, ach is léir go bhfuil isiméirí aici ar aigéid charbocsaileacha iad.

An Chiriúlacht[athraigh | edit source]

Maidir leis na steiré-isiméirí, bíonn siad an-chosúil le chéile sa chuid is mó de na himoibriúcháin cheimiceacha, amach ó na himoibriúcháin lena gcuid steiré-isiméirí féin. Is féidir leis na heinsímí, áfach, na steiré-isiméirí a aithint thar a chéile, agus de ghnáth, roghnaíonn na horgánaigh bheo aon steiré-isiméir thar an gceann eile. Is minic a aithnítear dhá eanantaiméir ar an dóigh a gcasann siad leibhéal an tsolais pholaraithe ar leataobh - ar dheis, nó ar chlé. Is minic a chuirtear an casadh seo i gcomparáid leis an dóigh a mbíonn na ndaoine níos fearr ag obair leis an deasóg nó leis an gciotóg, agus tugtar ciriúlacht ar an eanantaiméireacht freisin - tá an focal sin "ciriúlacht" bunaithe ar an bhfocal Gréigise a chiallaíonn "lámh".

An Lárphointe Ciriúil[athraigh | edit source]

Is é is cúis leis an gciriúlacht go bhfuil adamh carbóin sa mhóilín a bhfuil ceithre mhalartaí éagsúla nasctha de. Deirtear gur adamh neamhshiméadrach é, nó gur lárphointe ciriúil, nó lárphointe steiréigineach, atá ann. Ceann de na comhdhúile is simplí a bhfuil lárphointe ciriúil iontu atá san aigéad lachtach, CH3CH(OH)COOH. Is féidir móilín an aigéid lachtaigh a fheiceáil mar adamh carbóin (an lárphointe ciriúil) a bhfuil ceithre mhalartaí nasctha de: an t-adamh hidrigine - CH3CH(OH)COOH - an hiodracsalghrúpa - CH3CH(OH)COOH - an meitiolghrúpa - CH3CH(OH)COOH - agus an grúpa carbocsaile, a dhéanann aigéad carbocsaileach de - CH3CH(OH)COOH. Anois, samhlaímis dúinn móilín an aigéid lachtaigh romhainn, agus an ceithre mhalartaí ag gobadh amach as an lárphointe ciriúil mar a bheadh bioranna an teitrihéadráin iontu. Tá an grúpa carbocsaileach -COOH ag díriú orainn, agus an meitiolghrúpa ag díriú suas, beagáinín ar shiúl uainn. Ansin, cá bhfuil an hidrigin agus an hiodracsail? Ceann acu ag díriú ar chlé, an ceann eile ar dheis - ach cé acu atá ag díriú ar chlé, cé acu atá ag díriú ar dheis? Tá an dá rogha ann. Sin é an tuige go bhfuil isiméireacht den chineál seo againn.

Má tá aon lárphointe ciriúil amháin sa mhóilín, tá dhá steiré-isiméir ann, agus is eanantaiméirí dá chéile iad. Sampla de seo is ea an t-aigéad lachtach, CH3CH(OH)COOH. Má tá dhá lárphointe ciriúla ann, tá an scéal níos casta. Sampla de seo is ea an t-aigéad tartarach, HOOCCH(OH)CH(OH)COOH. Tá trí steiré-isiméir aige, mar atá, an dá eanantaiméir a chasann leibhéal an tsolais pholaraithe, agus an tríú cineál aigéad tartarach, an t-aigead méiseatartarach, nach bhfuil ag oibriú ar an solas polaraithe ar aon nós ná slí, ós rud é go neodraíonn an dá lárphointe ciriúil a chéile. Is diaisteiré-isiméir don bheirt eile é an t-aigéad méiseatartarach.

Tugtar meascán raicéimeach ar an meascán ina bhfuil an dá eanantaiméir i gcoibhneas caoga faoin gcéad in aghaidh caoga faoin gcéad. Ní oibríonn an meascán seo ar an solas polaraithe, ó neodraíonn an dá eanantaiméir a chéile.