Aildéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhdhúile orgánacha iad na haildéid ina bhfuil an grúpa carbóinile C=O i gceann an tslabhra d'adaimh charbóin. Ó tá dhá nasc oscailte ag an ngrúpa carbóinile, ní mór ceann acu a dhúnadh le hadamh hidrigine H agus an ceann eile ceangailte den tslabhra. Mar sin, is féidir a rá gurb é -C(H)O (nó -CHO) feidhmghrúpa na n-aildéad. Is iad an formaildéad nó an meatánal HCHO agus an t-aicéataildéad nó an t-eatánal CH3CHO an dá aildéad is simplí. (Mar is léir ón dá shampla seo, is é -ánal is deireadh d'ainmneacha córasacha na n-aildéad, ach bíonn ainmneacha traidisiúnta ar chuid mhór acu agus iad níos coitianta sa litríocht cheimiceach féin ná na hainmneacha córasacha.)

Is í an difríocht idir na haildéid agus na céatóin ná go bhfuil an grúpa carbóinile i lár an tslabhra carbóin sna céatóin: cuir i gcomparáid an próipianaildéad (an própánal) CH3CH2CHO agus an t-aicéatón (an própánón) CH3COCH3, ar isiméirí iad.

Bíonn aildéid coitianta go maith sa cheimic orgánach, agus is aildéid iad a lán cumhrán. Is aildéad í an fhanailin a thugann an blas agus an boladh sainiúil don fhanaile, agus is é an cainéaldéad is cúis le blas agus boladh an chainéil.

Aildéid thábhachtacha[athraigh | edit source]