Formaildéad
| Formaildéad | |
|---|---|
| Ainm IUPAC | Meatánal |
| Ainmneacha eile | Formol |
| Aitheantóirí | |
| Uimhir CAS | 50-00-0 |
| PubChem | 712 |
| Airíonna | |
| Foirmle mhóilíneach | CH2O |
| Mais mhóilíneach | 30.03 g mol-1 |
| Dlús | 1.38 g cm-3 |
| Leáphointe | -92 °C |
| Fiuchphointe | -21 °C |
| pKa | 13.3 |
| Déphol | 2.33 D |
| Guaiseacha | |
| Aicmiú AE | |
| NFPA 704 | |
| Comhdhúile gaolmhara | |
| Aildéid gaolmhara | Aicéataildéad Butyraldehyde |
| Comhdhúile gaolmhara | Meatánól Aigéad formach |
Is é an formaildéad nó an meatánal HCHO an ceann is simplí de na haildéid. Gás gan dath é le teocht an tseomra, agus boladh láidir sainiúil as. Inniu, is mó mar amhábhar do chomhdhúile orgánacha eile a úsáidtear é, ach sna laethanta a bhí, d'úsáidtí tuaslagán uisce an fhormaildéid, an fhormailin, le heiseamail a thaisceadh sa bhitheolaíocht, sin nó mar fhrithsheipteán, is é sin, le baictéir a mharú. Tá an formaildéad sách nimhiúil don duine, áfach, agus is mór an priacal atá ann don tsláinte, go háirithe le taobhshúil ar chomh coitianta atá sé i gcónaí sa tionsclaíocht cheimiceach. Bíonn formaildéad le fáil go nádúrtha ar domhan.
Úsáid [athraigh]
Baintear úsáid as formaildéad mar oibreán balsamaithe le corpáin mharbha a chaomhnú ar mhaithe le hadhlacadh nó mionghearradh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.