Aigéad lachtach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aigéad orgánach gan dath is ea Aigéad lachtach (CH3-CH(OH)-COOH). I láthair i mbainne géar. Cruthaítear é i matáin tar éis a gcraptha, agus mar staid inmheánach i meitibileacht carbaihiodráití. Déantar ar bhonn trádalach é trí choipeadh glúcóis le baictéir. In úsáid i súdaireacht, ruaimneoireacht agus míochaine. Tá dhá fhoirm eanaintiméireacha de sa nádúr.