Herta Müller

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHerta Müller

(2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Lúnasa 1953
70 bliana d'aois
Nițchidorf Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síWest University of Timișoara (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBeirlín
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht agus aiste
Suíomh oibre Beirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, aistritheoir, úrscéalaí, file, teangeolaí, scríbhneoir aistí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1976 –
FostóirFreie Universität Berlin
Nikolaus Lenau High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraÚrscéal, filíocht agus aiste
TeangachaAn Ghearmáinis agus an Rómáinis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileHarry Merkle
Richard Wagner (1984–1989) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm2361801 Musicbrainz: 2d084f0c-30c7-4504-907a-c8a316120561 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir is ea Herta Müller (rugadh ar an 17 Lúnasa 1953 í), a bhain amach Duais Nobel na Litríochta sa bhliain 2009. Is as an Rómáin di, ach is le Gearmáinis a tógadh í, agus scríobhann sí i nGearmáinis. Bhí a hathair ina bhall den Waffen SS agus an Dara Cogadh Domhanda ar siúl, rud a raibh tionchar nach beag aige ar a saol agus a saothar. Tá an chodarsnacht idir an faisisteachas ina saol pearsanta agus an cumannachas inar fhás sí aníos tábhachtach ina cuid oibre. Deirtear gurb í Müller guth na cosmhuintire díshealbhaithe san Eoraip.

A muintir is a saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Herta Müller i Nitzkydorf in aice le Timişoara in Iarthar na Rómáine. Bhí a seanathair ina fheirmeoir shaibhir agus ina fhear ranna roimh theacht na gcumannach i gcumhacht sa tír, ach nuair a bunaíodh an phoblacht Shóisialach, baineadh a chuid maoine de. Maidir le hathair Herta, chuaigh sé chun cogaidh in aghaidh an Aontais Shóivéadaigh ina bhall den SS, agus i ndiaidh an chogaidh, bhí sé ag obair ina thiománaí leoraí. Chaith máthair Herta tréimhse fhada i ndaorbhroid san Aontas Sóivéadach. I ndiaidh di an mheánscoil a chríochnú chuaigh Herta chun na hollscoile leis an léann Gearmánach agus Rómánach a staidéar, agus sa bhliain 1976, thosaigh sí ag obair ina haistritheoir i monarcha. Trí bliana ina dhiaidh sin, áfach, dhiúltaigh sí cabhrú leis an rúnseirbhís slándála, an Securitate, agus thug an mhonarcha bata agus bóthar di. Ina dhiaidh sin, chaithfeadh sí a cuid a shaothrú ag déanamh spailpeanna múinteoireachta anseo agus ansiúd, ag múineadh Gearmáinise go príobháideach. Sa bhliain 1982, foilsíodh an chéad leabhar léi, an díolaim ghearrscéalta úd Niederungen, sa Rómáin, ach rinne an chinsireacht an-sceanairt ar an leabhar. Tháinig an leagan iomlán i gcló sa Ghearmáin dhá bhliain ina dhiaidh sin, ón teach beag foilsitheoireachta úd Rotbuch Verlag. Sa bhliain 1987, d'éalaigh Müller agus a fear céile, Richard Wagner, scríbhneoir Gearmáinise eile ón Rómáin, go dtí an Ghearmáin. Ina dhiaidh sin, bhí sí ina scríbhneoir cónaitheach ina lán ollscoileanna. Tá cónaí uirthi i mBeirlín inniu.

A saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Niederungen ("Na hÍsleáin"), Búcairist 1982, Beirlín 1984
  • Drückender Tango ("An Tangó Trom"), Búcairist 1984
  • Der Mensch ist ein großer Fasan auf der Welt ("Is mór an piasún é an duine ar an saol seo"), Beirlín 1986
  • Barfüßiger Februar ("An Fheabhra Chostarnocht"), Beirlín 1987
  • Reisende auf einem Bein ("Ag Taisteal ar Leathchos"), Beirlín 1989
  • Wie Wahrnehmung sich erfindet ("Fionnachtain na hAireachtála"), Paderborn 1990 (17 lch.)
  • Der Teufel sitzt im Spiegel. Wie Wahrnehmung sich erfindet ("An Diabhal ina Shuí sa Scáthán"), Beirlín 1991 (141 lch. - a cuid scríbhinní faoi theoiric na litríochta)
  • Der Fuchs war damals schon der Jäger ("San Am sin féin, ba é an Madra Rua an Sealgaire cheana féin"), Reinbek 1992
  • Eine warme Kartoffel ist ein warmes Bett ("Is Te an Leaba an Práta Te"), Hamburg 1992
  • Der Wächter nimmt seinen Kamm ("Tugann an Séiléir a Chíor féin leis"), Reinbek 1993
  • Angekommen wie nicht da ("Tháinig, mar nach mbeadh ann"), Lichtenfels 1994
  • Herztier ("An Croí-Ainmhí"), Reinbek bei Hamburg 1994
  • Hunger und Seide ("Ocras agus Síoda"), Reinbek bei Hamburg 1995
  • In der Falle ("I nGaiste"), Göttingen 1996
  • Heute wär ich mir lieber nicht begegnet ("B'Fhearr liom nach gCasfaí orm féin mé Inniu"), Reinbek bei Hamburg 1997
  • Der fremde Blick oder Das Leben ist ein Furz in der Laterne ("An Radharc Coimhthíoch, nó, Is Broim faoi Sholas é an Saol"), Göttingen 1999
  • Im Haarknoten wohnt eine Dame, Reinbek bei Hamburg 2000
  • Heimat ist das, was gesprochen wird, Blieskastel 2001
  • Der König verneigt sich und tötet, München [agus áiteanna eile] 2003
  • Die blassen Herren mit den Mokkatassen, München [agus áiteanna eile] 2005
  • Este sau nu este Ion, Iaşi 2005
  • Atemschaukel, München [agus áiteanna eile] 2009

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]