Hans Geiger

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hans Geiger

Fisiceoir Gearmánach ab ea Johannes (Hans) Wilhelm Geiger (30 Meán Fómhair 188224 Meán Fómhair 1945). Tá clú agus cáil air de bharr a chuid oibre le ar an áiritheoir Geiger agus an turgnamh Geiger-Marsden a d'aimsigh núicléas an adaimh den chéad uair.

Rugadh é i Neustadt-an-der-Haardt, sa Ghearmáin. Ba shaineolaí ar chultúr na hIndia é a athair ag Ollscoil Erlangen.

Sa bhliain 1902 thosaigh sé ag déanamh staideir ar an bhfisic agus ar an matamaitic ag Ollscoil Erlangen agus bronnadh dochtúireacht air ón ollscoil chéanna sa bhliain 1906. Sa bhliain 1907 thosaigh sé ag obair le Ernest Rutherford ag Ollscoil Manchain i Sasana. Sa bhliain 1909, rinne seisean agus Ernest Marsden an turgnamh cailiúil úd ar a dtugtar Turgnamh Geiger-Marsden, nó "an turgnamh scragall óir". Le chéile rinne siad an chéad áiritheoir Geiger. Sa bhliain 1911 d'aimsigh sé, i dteannta John Mitchell Nuttall, an Dlí (nó Riail) Geiger-Nuttall agus rinne siad turgnaimh a chabraigh le Rutherford a samhail adamhach a cruthú. Sa bhliain 1928, lena dálta, d'fheabhsaigh siad an t-áiritheoir Geiger. D'oibrigh sé freisin le James Chadwick.

Fuair sé bás in Potsdam, sa Ghearmáin, cúpla mí i ndiaidh deireadh an Dara Cogadh Domhanda.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Beathaisnéis ghearr