George Lee (iriseoir)
| George Lee | |
|
Teachta Dála
Baile Atha Cliath Theas |
|
| In oifig 6 Meitheamh 2009 - 8 Feabhra 2010 |
|
| Réamhtheachtaí: | Séamus Ó Braonáin |
| Comharba: | (éirithe as) |
|
|
|
| Dáta breithe | 27 M.Fómhair 1962 |
| Teach Mealóg, BÁC | |
| Páirtí | Fine Gael (2009-2010) |
| Gairm | Iriseoir, eacnamaí |
| Céile | Mary Lee |
Is eacnamaí, iriseoir agus iar-pholaiteoir é George Lee (27 Meán Fómhair 1962 a rugadh é).
Clár ábhair |
Óige [athraigh]
As Teach Mealóg i mBaile Átha Cliath dó. Ba mheicneoir é a athair a raibh ochtar clainne aige agus ba é George Lee an dara duine is óige. D'fhreastail sé ar Choláiste Éanna, scoil de chuid na mBráithre Críotaí i mbruachbhaile Bhaile Uí Ruáin.
RTÉ [athraigh]
B'anailísí eacnamaíoch agus iriseoir de chuid RTÉ é ó 1992 go 2009. Ainmníodh Lee mar Iriseoir Éireannach na Bliana 1998.
Polaiteoir [athraigh]
D'fhógair sé ar an 5 Bealtaine 2009 go raibh sé ag éirí as a phost chun ainmniúcháin Fhine Gael a lorg don fhothoghchán i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas. Fuair sé an t-ainmniúchán an chéad lá eile.
Toghadh é ar an gcéad comhaireamh ar an 6 Meitheamh 2009 le 27768 vóta (53.72%).
D'fhógair sé ar an 8 Feabhra 2010 go raibh sé ag éirí as an Dáil agus as páirtí Fhine Gael. An chúis a thug sé ná nach raibh tionchar aige ar pholasaithe Fhine Gael.
Naisc sheachtracha [athraigh]