Muiris Mac Conghail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMuiris Mac Conghail
Beathaisnéis
Breith12 Bealtaine 1941
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Samhain 2019
78 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmúdar, iriseoir, léiritheoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRaidió Teilifís Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
PáisteFiach Mac Conghail Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Muiris Mac Conghail (12 Bealtaine 1941 - 25 Samhain 2019)[1] ar dhuine de mhórphearsana na craoltóireachta in Éirinn sa 20ú haois.[2][3] Bhí sé ina cheannasaí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 1975-1977.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Muiris Mac Conghail i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1941. Ba iad Maurice MacGonigal, an t-ealaíontóir mór le rá, agus Ada Kelly a thuismitheoirí. Teaghlach mór ealaíne a bhí ann agus ba chol ceathracha a athair agus an t-ealaíontóir gloine dhaite Harry Clarke.

D’fhreastail Muiris ar Choláiste na Rinne ar feadh bliana ach chaith sé formhór bhlianta na meánscoile idir Coláiste na Carraige Duibhe agus Scoil Chaitliceach na hOllscoile (C.U.S.) ar Shráid Líosain, mar a ndearna sé an Ardteistiméireacht in 1958.[3]

I ndiaidh dó céim a bhaint amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, chaith sé seal mar mhúinteoir gairmscoile. I nGairmscoil Bhóthar an Chlochair, Baile Átha Cliath, a fuair Muiris a chéad phost, áit ar mhúin sé Gaeilge, Béarla, agus Drámaíocht.

Craoltóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1964 in RTÉ, mar a raibh sé ar dhuine de ghlúin óg iriseoirí agus craoltóirí a rinne obair cheannródaíoch i mblianta luath an stáisiúin.

D’oibrigh sé ar dtús ar an gclár Newsbeat agus ina dhiaidh sin bhí sé ina léiritheoir agus ina eagarthóir conspóideach ar an gclár cúrsaí reatha Seven Days. Thug 7 Days faoi chláir ina ndearnadh iniúchadh nach raibh i gcónaí chun sástacht an Rialtais agus chothaíodar neart conspóide.[3] Le linn a thréimhse le Seven Days tugadh lucht an chláir os comhair binse fiosrúcháin mar gheall ar chlár a rinneadar faoi iasachtaí airgid mídhleathacha.

I Márta 1973 d’fhág sé saol na craoltóireachta ar feadh seala chun dul ag obair i Roinn an Taoisigh mar Cheannasaí Sheirbhís Eolais an Rialtais. An Taoiseach Liam Cosgrave a cheap é ach bhí luí aige le polaitíocht na heite clé agus le Páirtí an Lucht Oibre agus bhí sé cairdiúil le leithéidí Brendan Corish agus Conor Cruise O’Brien.[2]

I 1975 fógraíodh go raibh sé le ceapadh ina cheannasaí ar Raidió na Gaeltachta agus ina chúntóir ag Príomh-Stiúrthóir RTÉ. Bhain méid áirithe conspóide lena cheapachán toisc go raibh sé ag teacht ó phost rialtais, cé nach raibh ceist ar bith faoina chumas ná a dhintiúir chraoltóireachta. D'athraigh sé na huaireanta craolta go dtí níos luaithe sa lá srl, athruithe a tharraing conspóid.[2] Bhí sé mar cheannasaí go dtí mí Meitheamh 1976.

An bhliain dár gcionn,[4] d’fhill sé ar Dhomhnach Broc mar Cheannasaí na gClár Teilifíse, ceann de na poist ba  shinsearaí agus ba mhó a raibh cumhacht ag baint leis i saol na craoltóireachta in Éirinn. Tharraing sé conspóid go leor sa phost sin chomh maith. Mar shampla, shocraigh sé deireadh a chur leis an gclár Féach sa bhliain 1985. A fhianaise sin “nár thaitin sé leis an mbunaíocht”.[5] Fógraíodh gur theastaigh ó Mac Conghail go mbeadh clár nua ann a dhíreodh ar chúrsaí Gaeltachta seachas ar chúrsaí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Ba é an chéad chathaoirleach ar Bhord Scannán na hÉireann é agus thuill a shaothar féin meas agus gradaim chomh maith.

Corca Dhuibhne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh sé duais teilifíse Jacobs i 1985, dá scannán faoin mBlascaod, Oileán Eile. Bhí ceangal mór ag Mac Conghail le Gaeltacht Chorca Dhuibhne agus le Dún Chaoin, áit a raibh teach saoire aige, agus na Blascaodaí go háirithe.

Foilsíodh roinnt leabhar leis faoi na Blascaodaí chomh maith, ina measc beathaisnéis faoin scoláire Seoirse Mac Thomáis, Aghaidheanna Fidil Agus Púicíní, The Blaskets: A Kerry Island agus The Blaskets — People and Literature.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Death Notice of Muiris Mac Conghail" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2023-04-02.
  2. 2.0 2.1 2.2 "An craoltóir, léiritheoir agus scríbhneoir Muiris Mac Conghail ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-02.
  3. 3.0 3.1 3.2 "MAC CONGHAIL, Muiris (1941–2019)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-04-02.
  4. RTÉ Archives (2012-07-05). "RTÉ Archives" (en). stillslibrary.rte.ie. Dáta rochtana: 2023-04-02.
  5. "Faraor gan Ó hEithir anseo chun déileáil leis an scéal…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-26.