Seoirse Mac Thomáis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeoirse Mac Thomáis
Beathaisnéis
Breith1903
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Feabhra 1987
83/84 bliana d'aois
Birmingham, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Ollscoil na Rí Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfealsamh, múinteoir ollscoile, focleolaí claiseacach, scoláire na léann clasaiceach Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Cambridge
Ollscoil Birmingham Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
PáisteMargaret Alexiou Cuir in eagar ar Wikidata

Scoláire clasaiceach, ollamh agus Gaeilgeoir mór le rá ó Shasana ab ea Seoirse Mac Thomáis, nó George Derwent Thomson (19 Lúnasa 1903- 3 Feabhra 1987). Bhí páirt nár bheag ag Mac Thomáis i saol na Gaeilge ar feadh i bhfad.

Scoláire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh George Thomson ar 19 Lúnasa 1903. Bhí a mháthair, Minnie Clements, agus a hathair roimpi, arbh Ultach de bhunadh na nOráisteach é, ar son Éire a bheith saor agus is iad sin a d’adhain spéis an bhuachalla óig in Éirinn. Fiú agus é ar scoil i gColáiste Dulwich i Londain, théadh Thomson go dtí rang de chuid Chonradh na Gaeilge is cosúil[1]. Rinne Mac Thomáis staidéar ar an nGréigis ó bhí sé ina leathstócach chomh maith.

Coláiste an Rí in Ollscoil Cambridge

Tugadh scoláireacht dó go dtí Coláiste an Rí in Ollscoil Cambridge. Roghnaigh Thomson na clasaicigh mar ábhar léinn. Cé gurbh í an Ghréigis Chlasaiceach a d'fhoghlaim Thomson ar dtús, bhí suim aige i nGréigis na ndaoine freisin.

Bhí sé ina chomhalta in Ollscoil Cambridge ó1927 go dtí 1931. Ach chaith sé tamall de 1929 i mBaile Átha Cliath chun a leabhar, Prometheus Bound Aeschylus. a ullmhú.

Níos déanaí ina shaol, ba mhinic a théadh Thomson go dtí an Ghréig, agus fuair sé aithne ar uasal agus íseal sa tír sin.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coláiste na Tríonóide

Sa bhliain 1923, agus Thomson fiche bliain d'aois, thug scoláireacht go dtí Coláiste na Tríonóide é, i mBaile Átha Cliath.

Bhí fonn ar Thomson tamall a chaitheamh sa Ghaeltacht agus thug sé cuairt ar Robin Flower. An chomhairle a chuir seisean air dul go dtí an Blascaod. Bhain sé an t-oileán amach ar an 23 Lúnasa 1923. Sé sheachtain a chaith sé ann agus Gaeilge ar a thoil aige, is cosúil, nuair a d'fhill sé go Coláiste na Tríonóide.

Bhí Thomson mór le Muiris Ó Súilleabháin agus le daoine eile sa Bhlascaod Mór. Chabhraigh sé le Muiris a mhórshaothar dírbheathaisnéise Fiche Bliain ag Fás a réiteach don chló.

Bhí Thomson ar dhuine de na chéad daoine a cheangail caint na ndaoine in Éirinn, agus tréithe na béalaireachta sa Ghréig le chéile. Scríobh Thomson "Sa Bhlascaod a fuaireas an eochair don gCeist Hoimearach"[2],[3]

Sa leabhar a scríobh sé ar an Bhlascaod, mhínigh Thomson gur "tréigeadh an Bhlascaod (sa bhliain 1953) mar nach raibh sé chomh hiargúlta sin nó bhí na daoine ábalta buntáistí an tsaoil istigh ar tír mór a fheiceáil lena dhá súil"[4].

Coláiste Ollscoile na Gaillimhe

Ghlac Thomson le post léachtóra le Gréigis i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe sa bhliain 1931. D'fhill sé go Cambridge i 1934, agus bhí sé bhí sé ina ollamh le Gréigis i mBirmingham ó 1936, agus d'fhan sé sa chathair sin go dtí lá a bháis sa bhliain 1987.

Cumannachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gcúrsaí polaitíochta, ba chumannach é Thomson. Bhí grá ionraic aige don chosmhuintir, agus tuiscint phraiticiúil aige dá gcás: in Éirinn dó, mar shampla, bhí sé go tréan ag éileamh go gcuirfí oideachas ceart ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin.

Maidir leis an Aontas Sóivéadach, áfach, bhí Thomson neamh-chriticiúil ar fad i dtaobh Stailín. Bhí sé barúlach, má bhí an saol ag dul chun donais san Aontas Sóivéadach ar aon nós, gurbh é tréigean an Stailíneachais sa bhliain 1956 ba chúis leis.

university of Birmingham

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Blascaod a Bhí, An Sagart (1977) ASIN B008LV62XO[5]
  • Muiris Mac Conghail - Aghaidheanna Fidil agus Púicíní agus Púicíní: Seoirse Mac Thomáis in Éirinn. 1923-1934 (2009) 240 lch. ISBN 978-0-86289-081-0[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "THOMSON, George Derwent (1903–1987)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-11-02.
  2. The Prehistoric Aegean, 1949
  3. The Thought of W.B. Yeats, le Brian Arkins, lch 112
  4. Cad é atá i ndán do Oileán Thoraí? le Anton Mac Cába (2007); An tUltach 83 (9), lch 8-9. https://antultach.wordpress.com/
  5. https://www.amazon.co.uk/Blascaod-Bhi-Seoirse-Mac-Thomais/dp/B008LV62XO
  6. "Aghaidheanna Fidil agus Púicíní" (en-US). Litríocht (2009-07-30). Dáta rochtana: 2020-11-02.