Garbhlus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda bliantúil a mhaireann tríd an ngeimhreadh uaireanta. Fiaile choitianta, dúchasach don Eoraip is an Áise. Na gais ceathairuillinne lag streachlánach, ag dreapadh le cabhair crúcaí beaga frithluaileacha. 6-8 duilleog i bhfáinní, agus crúcaí ar na himill. Na bláthanna bídeach bán le 4 pheiteal. Leadán le dhá leath chruinne an toradh, clúdaithe le ribí scothbhána a scaipeann trí ghreim a choinneáil ar ainmhithe.