Günter Blobel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Micribhitheolaí ceallach a rugadh i Waltersdorf na Gearmáine is ea Günter Blobel (1936-). D'oibrigh sé sna Stáit Aontaithe ó 1969 ar aghaidh. Fuair sé amach go bhfuil comharthaí intreacha ag próitéiní agus go rialaíonn siad seo a n-iompar is a suíomh sa chill. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1999 as.