George Emil Palade

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bitheolaí a rugadh in Iaşi na Rómáine, a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe ó 1946 ab ea George Emil Palade (19 Samhain 1912 — 7 Deireadh Fómhair 2008). Rinne sé taighde ar chodánú ceall, agus chuir síos ar fheidhmeanna na miteachoindrí, an líontáin ionphlasmaigh, na ribeasóm, agus choimpléasc Golgi. Thaispeáin sé go sintéisítear próitéiní ar RNA sna ribeasóim. Roinn sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/ míochaine i 1974 le Christian de Duve is Claude Albert as an saothar seo.