Frankenstein
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Úrscéal de chuid an scríbhneora Mary Shelley is ea Frankenstein; or, The Modern Prometheus, nó Frankenstein mar atá aithne níos fearr air. Scéal uafáis atá ann, agus ceann de na céad leabhair a chuirfí sa tseánra ficsean eolaíochta. Is é Victor Frankenstein ábhar an scéil, eolaí Eilvéiseach a thagann ar modh chun saol daonna a chruthú ina shaotharlann. Cruthaíonn sé duine nua, ach duine atá i bhfad níos mó agus níos láidre ná an gnáthdhuine. Is botún coitianta é "Frankenstein" a thabhairt ar chruthú an dochtúra.
Thosaigh Mary Shelley ar an obair agus í ocht mbliana déag d'aois, agus foilsíodh an leabhar dhá bhliain ina dhiaidh sin sa bhliain 1818.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.