Darach Ó Scolaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDarach Ó Scolaí

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1963
60/61 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmúrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Suíomh gréasáindarachoscolai.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2547873 LinkedIn: darach-ó-scolaí-20026920 Cuir in eagar ar Wikidata
Darach Ó Scolaí

Scríbhneoir, drámadóir, ealaíontóir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí.

Bhuaigh An Cléireach, úrscéal leis atá suite sa chéad leath den 17ú haois, Duais an Oireachtais 2007. D'fhoilsigh Leabhar Breac an leabhar i 2007. Foilsíodh an dara húrscéal leis, Na Comharthaí, in 2014.

Léiríodh dhá dhráma stáitse leis an údar, Coinneáil Orainn (An Taibhdhearc 2005) agus An Braon Aníos (Salamandar 2006, 2007). Scannánaíodh dhá ghearrdhráma eile leis, Cosa Nite (Rosg 1998) agus An Leabhar (Rosg 2000). Bhuaigh Coinneáil Orainn Duais Bhaitéir Uí Mhaicín agus an BBC NI Stewart Parker Award 2006. Tá scripteanna Coinneáil Orainn agus An Braon Aníos ar fáil ó Leabhar Breac, agus foilsíodh leagan próis de Cosa Nite (Rosg 2000).

Tá leabhair do léitheoirí óga scríofa freisin aige. Sa tsraith Scéalta Staire (Leabhar Breac) scríobh sé Gráinne Mhaol Ní Mháille, Tadhg Dall Ó hUiginn, Mánas Ó Dónaill agus Seán Ó Néill, agus d'fhoilsigh sé aistriúchán ar Treasure Island le Robert Louis Stevenson, Oileán an Órchiste (Leabhar Breac, 2014). Bhain an leabhar Súil an Daill leis, Duais an Oireachtais 2019 agus foilsíodh é ag deireadh 2021 ag Leabhar Breac.

Bhunaigh Darach Ó Scolaí an comhlacht foilsitheoireachta Leabhar Breac i 1995 in éineacht lena dheartháir, an clóghrafadóir, Caomhán Ó Scolaí. Is iad Leabhar Breac a d'fhoilsigh na húrscéalta le Liam Mac Cóil, An Dochtúir Áthas (1995), An Claíomh Solais (2000), agus Fontenoy (2006), agus an t-úrscéal is deireanaí le Seán Mac Mathúna, Hula Hul.

Is é a bhunaigh an chomhdháil ealaíne Ealaín ar Oileán in Inis Oírr i 2004 i gcomhar le Val Ballance, agus is é atá á stiúradh ó shin.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]