Flaithrí Ó Maolchonaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Proinsiasach Éireannach agus diagaire mór le rá ab ea Flaithrí Ó Maolchonaire (Béarla: Florence Conry, Laidin: Florentius Conrius). Mhair sé sa 16ú agus sa 17ú haois, agus aithnítear ar mhórscríbhneoirí Gaeilge na linne é.

A Shaol[athraigh | edit source]

Tháinig Flaithrí chun saoil i gCluain na hOíche in aice le hAil Finn i gContae Ros Comáin, thart ar an mbliain 1560. Fítheal Ó Maolchonaire ab ainm dá athair, agus Onóra a bhí ar a mháthair. Bhí an litríocht agus an seanchas i ndúchas a mhuintire, agus iad ina n-ollúna ag Síol Muireadhaigh i gCúige Chonnacht. Mar sin, fuair sé oiliúint an ollaimh, idir fhilíocht, stair agus seanchas. Bhí cáil ar leith ar a sheanathair, Muirgheas Mac Pháidín Uí Mhaolchonaire, nó ba croiniceoir tábhachtach é sa 16ú haois.[1]

Ar dtús, chuaigh Flaithrí le ceird an fhile[2], ach ansin, chuir sé suim sa saol eaglasta. Chuaigh sé ag déanamh staidéir in Ollscoil Lováin agus i gcoláiste na bProinsiasach i Salamanca. Chuaigh sé in Ord na bProinsiasach sa bhliain 1584, agus é ag déanamh taighde ar shaothar San Agaistín ach go háirithe. De réir mar a mhaígh Lúcás Uaidín, léigh Flaithrí Ó Maolchonaire saothar iomlán San Agaistín seacht n-uaire ó thús go deireadh.[3] Sa bhliain 1601, tháinig sé ar ais go hÉirinn in éineacht le trúpaí Don Juan del Águila[4] a bhí le páirt a ghlacadh i gCath Chionn tSáile. Nuair a theip ar an ionradh seo, d'fhill sé ar ais go dtí an Spáinn i gcuideachta Aodha Rua Uí Dhónaill, nó bhí siad le tuilleadh cuidiú a iarraidh ar Philib a Trí, Rí na Spáinne, le súil is go n-éireodh leo saoirse a bhaint amach d'Éirinn. Mar a d'iompaigh an scéal amach, áfach, thug spiairí Sasanacha nimh d'Aodh Rua a fuair bás sa Spáinn go gairid i ndiaidh an tír a bhaint amach. Anamchara[5] le hAodh Rua ab ea é Flaithrí, agus é ina athair faoistine[6] ag an Dálach nuair a bhí sé ag éileamh roimh a bhás i Simancas. Ina dhiaidh sin féin, bhí Flaithrí Ó Maolchonaire an-ghníomhach ag cur leas na hÉireann chun cinn i gcúirt Rí na Spáinne. Nuair a bhain Iarla Thír Chonaill agus Iarla Thír Eoghain amach Douai i Mí Dheireadh Fómhair, 1607, fuair siad Flaithrí Ó Maolchonaire rompu ansin, agus i ndiaidh an gheimhridh, thionlaic sé go dtí an Róimh iad.[7]

Bhí dualgaisí troma eaglasta ar Fhlaithrí Ó Maolchonaire chomh maith, nó sa bhliain 1606, cheap Caibidil na bProinsiasach i dToledo ina Phroibhinseal ar phroibhinse Phroinsiasach na hÉireann i mBealtaine 1606. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, b'éigean dó an obair seo a fhágáil faoi fhear ionaid darbh ainm Muiris Ultach.

I mBealtaine 1607, d'oscail Flaithrí Ó Maolchonaire coláiste ar leith, Coláiste Naomh Antaine, do na Proinsiasaigh Éireannacha i Lováin. Ba é Rí na Spáinne a bhronn na tailte ar na Proinsiasaigh le haghaidh an choláiste. Ar an 30 Márta 1609, hainmníodh é do phost an Ard-Easpaig ar dheoise Thuama, agus go gairid sin, choisric an Cairdinéal Maffeo Barberini don oifig seo é. [8](Sa bhliain 1623, chuaigh Maffeo Barberini i dtáin na bPápaí faoin ainm Urbanus VIII.) Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh sé ar ais go dtí an Spáinn le stocaireacht a dhéanamh ar son Iarla Thír Eoghain sa chúirt.

Bhí sé go mór mór ag cur in aghaidh gach sórt comhthuisceana idir na Caitlicigh in Éirinn agus Rí Shasana. Sa bhliain 1615, sheol sé litir ó Valladolid chuig na Caitlicigh a ghlac páirt i gcomhthionól na parlaiminte i mBaile Átha Cliath sa bhliain roimhe sin, ó thoiligh an comhthionól sin leis an dóigh ar choigistigh an Choróin tailte agus eastáit Thiarna Thír Chonaill agus Thiarna Thír Eoghain.

D'fhoilsigh Flaithrí Ó Maolchonaire a chéad leabhar, Desiderius, i Lováin sa bhliain 1616. Aistriúchán a bhí ann ar an saothar cráifeach Spáinnise El Desseoso. Trí bliana ina dhiaidh sin, tháinig an dara leabhar amach in Antuairp. Tráchtas Laidine ar cheist na Giniúna gan Smál a bhí ann. Chaith sé an chuid ba mhó de na 1620idí in Ísiltír na Spáinne, ach sa bhliain 1627, thug sé aghaidh ar Mhaidrid arís. Ansin a shíothlaigh sé faoi dheoidh, i mainistir áitiúil na bProinsiasach, ar an 18 Samhain 1629. Sa bhliain 1654, áfach, tugadh a chorp go dtí Lováin agus cuireadh in athuair é i dtailte an choláiste a bhunaigh sé beagnach leathchead bliain roimhe sin.

A Shaothar[athraigh | edit source]

Ó thaobh na Gaeilge de, is dócha gurb é Desiderius a phríomhshaothar. Aistriúchán Gaeilge atá ann ar thráchtas a scríobhadh i gCatalóinis an chéad uair. Is dócha gur sagart d'Ord San Iaróim a chum an buntéacs, fear darbh ainm Miguel Comalada.[9]. Thairis sin, d'aistrigh sé leagan Spáinnise den Teagasc Chríostaí go Gaeilge sa bhliain 1593, agus sheol sé cóip den aistriúchán seo go hÉirinn cúig bliana ina dhiaidh sin. Is é an teideal a bhí ar an saothar seo ná Don Teagasc Chríostaí anseo, arna thiontú d'Fhlaithrí Ó Maolchonaire as Spáinnis go Gaeilge in anno Domini 1593[10] Tá leideanna ann gur scríobh sé croinic freisin.[11]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Ó Cléirigh, Tomás, Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin, (Baile Átha Cliath, 1935/1985) lth. 34
  2. Desiderius otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh by Flaithrí Ó Maolchonaire (Florence Conry). Edited by Thomas F. O'Rahilly. The Dublin Institute for Advanced Studies, 1975. Mediaeval and Modern Irish Series, Volume XII. Lch. ix
  3. Ó Cléirigh, Tomás, Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin, (Baile Átha Cliath, 1935/1985) lth. 34
  4. Desiderius otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh by Flaithrí Ó Maolchonaire (Florence Conry). Edited by Thomas F. O'Rahilly. The Dublin Institute for Advanced Studies, 1975. Mediaeval and Modern Irish Series, Volume XII. Lch. ix
  5. Desiderius otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh by Flaithrí Ó Maolchonaire (Florence Conry). Edited by Thomas F. O'Rahilly. The Dublin Institute for Advanced Studies, 1975. Mediaeval and Modern Irish Series, Volume XII. Lch. ix, fonóta 5
  6. Desiderius otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh by Flaithrí Ó Maolchonaire (Florence Conry). Edited by Thomas F. O'Rahilly. The Dublin Institute for Advanced Studies, 1975. Mediaeval and Modern Irish Series, Volume XII. Lch. x, fonóta 4
  7. Desiderius otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh by Flaithrí Ó Maolchonaire (Florence Conry). Edited by Thomas F. O'Rahilly. The Dublin Institute for Advanced Studies, 1975. Mediaeval and Modern Irish Series, Volume XII. Lch. xi.
  8. Desiderius otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh by Flaithrí Ó Maolchonaire (Florence Conry). Edited by Thomas F. O'Rahilly. The Dublin Institute for Advanced Studies, 1975. Mediaeval and Modern Irish Series, Volume XII. Lch. xi
  9. Desiderius otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh by Flaithrí Ó Maolchonaire (Florence Conry). Edited by Thomas F. O'Rahilly. The Dublin Institute for Advanced Studies, 1975. Mediaeval and Modern Irish Series, Volume XII. Lch. vii, fonóta 1
  10. Desiderius otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh by Flaithrí Ó Maolchonaire (Florence Conry). Edited by Thomas F. O'Rahilly. The Dublin Institute for Advanced Studies, 1975. Mediaeval and Modern Irish Series, Volume XII. Lch. xiii. Tabhair faoi deara gur leagan caighdeánaithe den teideal atá againn anseo. Is é an leagan a bhí sa bhuntéacs ná Don teccoscc Criosduide and so, iar na thinntodh do Fhlaithri O MaoilChonoire a Spáinis a Ngaoidhilcc in anno Domini 1593, & ar deirc & ar les anma do na hEireandchaibh & do fein do thionnscain se in obairsi, & ata sé da iarraidh ar lucht lécchtha in teccuisg so guidhe leis ar son Dé, & an bliadhainsi daois in Tigerna do chuir se go hEirinn e, 1598.
  11. Desiderius otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh by Flaithrí Ó Maolchonaire (Florence Conry). Edited by Thomas F. O'Rahilly. The Dublin Institute for Advanced Studies, 1975. Mediaeval and Modern Irish Series, Volume XII. Lch. xiii

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]

Leabhair[athraigh | edit source]

  • Ní Mhurchú agus Breatnach, 1560-1781: Beathaisnéis, (Baile Átha Cliath 2001)
  • Ó Cléirigh, Tomás, Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin, (Baile Átha Cliath, 1935/1985)
  • Williams agus Ní Mhuiríosa, Traidisiún Liteartha na nGael, (Baile Átha Cliath 1979/2001)
  • Welch, Robert (eag.), The Concise Oxford Companion to Irish Literature, (Oxford, 1996/2000)