Felix Savart

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lia is fisicí a rugadh i Mézière na Fraince ab ea Felix Savart (1791-1841). Rinne sé cuid mhaith taighde ar fhisic na fuaime is an tsolais. Le Jean-Baptiste Biot d'fhionn sé is rinne cur síos matamaiticiúil ar an réimse maighnéadach a chruthaíonn sruth leictreach i sreang fhada dhíreach. Ainmníodh dlí Biot-Savart, a thugann an fhoirmle don réimse, astu beirt.