Dmítrí Meindeiléiv

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDmítrí Meindeiléiv

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Дмитрий Иванович Менделеев
Beathaisnéis
Breith(ru) Дмитрій Ивановичъ Менделѣевъ
8 Feabhra 1834 (Iúlach)
Tobolsk (Impireacht na Rúise)
Bás20 Eanáir 1907 (Iúlach)
72 bliana d'aois
Cathair Pheadair (Impireacht na Rúise)
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaLiteratorskie mostki (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Lán-ollamh Ollscoil Impiriúil Chathair Pheadair
1865 – 1890
Lán-ollamh St. Petersburg Practical Institute of Technology (en) Aistrigh
1863 – 1872
Privatdozent Ollscoil Stáit Chathair Pheadair
9 Eanáir 1857 – 1865
Senior professor (en) Aistrigh Richelieu Lyceum (en) Aistrigh
1855 – 1856 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnDias
Scoil a d'fhreastail sé/síMain Pedagogical Institute (en) Aistrigh (1850–1855)
Ollscoil Stáit Chathair Pheadair
Saint Petersburg State Institute of Technology (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúir
Comhairleoir dochtúireachtaAlexander Voskresensky
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeimic, fisic, eacnamaíocht, geolaíocht, méadreolaíocht, dúil cheimiceach agus tábla peiriadach
Gairmceimiceoir, múinteoir ollscoile, fisiceoir, eacnamaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirSt. Petersburg Practical Institute of Technology (en) Aistrigh (1863–1872)
Ollscoil Impiriúil Chathair Pheadair (1857–1890)
Richelieu Lyceum (en) Aistrigh (1855–1856)
Ollscoil Stáit Chathair Pheadair Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnDmitri Konovalov, Valery Gemilian, Alexander Baykov, Alexey Potylitsyn agus Sergei Prokudin-Gorskii
TeangachaAn Rúisis, an Ghearmáinis agus an Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaDmitri Konovalov, Boris Weinberg, Gavriil Gustavson agus Venyamin Klyachkin
Teaghlach
CéileFeozva Nikitichna Leshcheva (1862–1882)
Anna Ivanova Popova (1882–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteVladimir Mendeleev
 ( Feozva Nikitichna Leshcheva)
Lyubov Blok
 ( Anna Ivanova Popova)
Vasiliy Mendeleev
 ( Anna Ivanova Popova) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairIvan Pavlovich Mendeleyev
Gradam a fuarthas
Síniú

Find a Grave: 14716012 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceimiceoir Rúiseach ab ea Dmítrí Iavánavaidts Meindeléiv (Rúisis: Дми́трий Ива́нович Менделе́ев Fuaim éist) (8 Feabhra 1834 i dTobolsk - 2 Feabhra 1907). Rinne sé amach dlí peiriadach i rangú na ndúl.

Fionnachtana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Meindeiléiv i dTobolsc na Rúise sa bhliain 1834.

Bhain sé clú amach mar dhuine den bheirt a chum tábla peiriadach loighciúil as na dúile ceimiceacha, chun na cosúlachtaí idir dúile gaolmhara a thaispeáint. Chuimsigh is achoimrigh sé airíonna na ndúl go léir ina chlár peiriadach, uirlis chumasach i gcur chun cinn na ceimice. Thuar sé go raibh dúile ann nach raibh ar eolas, agus fionnadh iad ina dhiaidh sin..

Chomh maith le dearcadh caothúil ar na dúile a sholáthar, thaispeáin an clár ceamaí i liosta na ndúl, agus réamhinis dúile nár fionnadh go dtí blianta ina dhiaidh sin.

In 1869, shocraigh Meindeiléiv na dúile ar fad a bhí ar eolas ann (63 ceann ag an am sin) i sraith ardaitheach de réir mhaiseanna na n-adamh.

D'átháin sé go raibh airíonna na ndúl le feiceáil arís agus arís eile go rialta. Shocraigh sé iad i riocht tábla sa chaoi go mbeadh na dúile lena mbainfeadh na hairíonna cheanna ina gcolúin ingearacha.

Portráid de Dhmítrí Meindeiléiv le Iliá Répín

De bhrí go bhfuil airíonna na ndúl le fáil go peiriadach, an Tábla Peiriadach a thugtar ar an tábla seo. Bhí bearnaí i dtábla na ndúl nach raibh faighte fós. Thuar Meindeiléiv airíonna na ndúl nach raibh faighte trí airíonna na ndúl a bhí os cionn nó faoi bhun na mbearnaí a mheas.

Cailleadh Meindeiléiv sa bhliain 1907 i gCathair Pheadair. Ainmnítear an dúil meindiléiviam as.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]