Plé:Dmítrí Meindeiléiv

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

'Dmitri Ivanovich Mendeleyev' Chinn mé ar úsáid a bhaint as an leagan traslitrithe 'Dmitri Ivanovich Mendeleyev' (Rúisis: Дми́трий Ива́нович Менделе́ев ), mar níl aon leagan coitianta ar fáil sna téacsleabhair eolaíochta, ach ar an drochuair tá leaganacha difriúla ar fáil; mar shampla tá 'Dmitri Mendeleev' ar fáil in 'Eolaíoct na Linne Seo' ( An Gúm) agus tá 'Dimitri Mendeléef' ins an leabhair 'Ceimic Bhunúsach 1' ( Oifig an tSoláthair, Rialtas na hÉireann 1975).

Ar 19:32, 4 Deireadh Fómhair 2005 d’athainmníodh ainm 'Dmitri Ivanovich Mendeleev' go dtí 'Dmítrí Meindeiléiv'. Thug an tUas.Gabriel Beecham le fios go raibh seo déanta chun ‘stíl Vicipéide’ a chur i bhfeidhm!

Níl aon treoir sa ‘Lámhleabhar Stíle’ maidir leis na hainmneacha agus sloinnte gallda áfach, ach go háirithe iad siúd nach bhfuil sa chló Rómhánach.

Tá an nasc chuig ‘Vicipéid:Lámhleabhar Stíle/Beathaisnéisí’ folamh!


Thug mé faoi deara an méid seo a leanas i ‘Wikipedia an Bhéarla’ ( Féach: http://en.wikipedia.org/wiki/Wikipedia:Naming_conventions#Russian_names )

‘Russian names

Some Russian names have a conventional English spelling. For others, use Wikipedia's modified BGN/PCGN romanization, documented at Wikipedia:Romanization of Russian.’

Mar nach raibh leagan coitianta in úsáid sa Ghaeilge táim den bharúil go raibh an cheart agam traslitriú on Rúisís a chur i bhfeidhm sa chás seo.

Maidir le hainmneacha pearsanta agus ainmneacha áite, ní ghlacaim leis an nós atá coitianta ag an nGaeilge oifigiúil (murab ionann is an Ghaeltacht) ainmneacha gallda a “Ghaelú” agus foirmeacha truaillithe a chruthú nach bhfuil aon bhrí leo.

Éóg1916 11:02, 24 Meitheamh 2007 (UTC)[reply]

Ní thuigeann tú i gceart an achoimriú a thabhairt mé, .i. "ainm Gaelach; stíl Vicipéide". Ciallaíonn sé sin go rabhas ag déanamh dhá rud: leagan Gaelach den ainm a chur i bhfeidhm, agus leagan amach an ailt a chur in oiriúint le stíl choitianta na Vicipéide - mar shampla, naisc a dhéanamh le teangacha eile, an chatagóir a aibitriú, gan carachtair líne nua a úsáid gan ciall dóibh, srl. Féach ar an difear chun na sonraí a fháil.
Tá pointe agat maidir leis an traslitriú. Ach níl an scéal chomh simplí is an méid sin: tá an-difríochtaí ann idir an Vicipéid Gaeilge agus an Vicipéid Béarla. Tá nósanna agus cleachtais choitianta ag lucht an Bhéarla atá ann le fada maidir le conas ainmneacha a aistriú ó aibítrí iasachta; níl a leithead d'achmhainn againne don chuid is mó. Agus fiú má tá aistriúcháin nó cleachtais "oifigiúla" againn, ní húsáidtear iad gach uair - mar shampla, sa scrúdpháipéar eolaíochta seo déantar tagairt de "Ollscoil St Petersburg", gan ainm na cathrach a Ghaelú mar is gnáth.
Níl an Lámhleabhar Stíle críochnaithe ar chor ar bith, ach ní gá go mbaineann lámhleabhar stíle na Vicipéide Béarla linn. Tá deacrachtaí difriúla againn ar leith. Is tionscadal neamhspleách muid don chuid is mó agus táimid saor ár rialacha agus ár nósanna féin a chur i bhfeidhm de réir staid agus dáil na Gaeilge. Aontaím leat gur éigean dúinn córas a dhréachtú maidir le hainmneacha nach bhfuil san aibítir Rómhánach - an bhfuil tuairimí agat? An bhfuil sé cóir dúinn cleachtais Vicipéid an Bhéarla a úsáid gach uair, gan a thuilleadh breathnaithe a dhéanamh ar an scéal, nó an fearr dúinne féin na gnásanna is oiriúnacha a roghnú don chiclipéid seo?--Gabriel Beecham 12:36, 24 Meitheamh 2007 (UTC)[reply]

A Ghabriel, a chara,

Nach féidir le Vicipéid na Gaeilge cloí le moltaí an Choimisiún Logainmneacha, a foilsíodh i gcomhar leis na húdaráis áitiúla in Na Leaganacha Gaeilge d’Ainmneacha Sráideanna, Bóithre agus Eastát: Treoirlínte (Baile Átha Cliath: Coimisiún Logainmneacha, 1992)? Tá an nasc seo a leanas le Séamas Ó Brógáin faoi 'Ainmneacha sráide Bhaile Átha Cliath' imholta; URL http://www.iol.ie/~sob/sraid/index.html. Beidh réiteach áirithe ann ansin!

Maidir le hainmneacha pearsanta agus logainmneacha i nGaeilge na hAlban, cloí leis an litriú údarasach, ach úsáid an agúid (´) seachas an ngraif (`) mar shíneadh fada.

Maidir le 'conas ainmneacha a aistriú ó aibítrí iasachta', mholainn cleaachtais an Vicipéid Béarla go dtí go bhfuil ceann faoi leith nó níos fearr ann don Ghaeilge. Tá mé ag lorg duine /daoine a bhéas sásta agus in ann córas a dhréachtú maidir le hainmneacha nach bhfuil san aibítir Rómhánach (traslitriú a dhéanamh ó Rúisís go Gaeilge ach go háirithe.)

Is fearr dúinne féin na gnásanna is oiriúnacha a roghnú don chiclipéid seo!

Éóg1916 13:49, 24 Meitheamh 2007 (UTC)[reply]