Dúidéineam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é an dúidéineam an chéad chuid den stéig bheag sa chuid is mó de na hard-veirteabraigh, lena n-áirítear mamaigh, reiptílí, agus éin. Sna héisc, ní bhíonn rannáin an stéig bhig chomh soiléir agus is féidir na téarmaí stéig thosaigh nó stéig neasach a úsáid in ionad an dúidéinim. Sna mamaigh féadfaidh an dúidéineam a bheith ar an phríomhsuíomh le haghaidh ionsúite an iarainn. Tagann an dúidéineam roimh an aoineán agus an iléam agus is é an chuid is giorra den stéig bheag é, agus is ann a tharlaíonn an díleá ceimiceach is mó. tagann an t-ainm dúidéineam ón Laidin duodenum digitorum nó 12 méar de leithead.