Máilín domlais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An máilín domlais

Is orgán beag é an máilín domlais (Laidin: vesica biliarisvesica fellea) sna veirteabraigh a chuidíonn le díleáigh agus le stóráil domlais san ae. De gnáth, is féidir leis an duine glacadh go héasca le chailleadh mháilín domlais .

Anatamaíocht an duine[athraigh | edit source]

Is éard is máilín domlais ann ná mala matánach a suíonn díreach faoi bhun an ae. Sa dhuine fásta, bíonn an máilín domlais thart ar 8 cm ar fhad agus 4 cm ar thrastomhas nuair a bhíonn sé bolgtha go hiomlán. Bíonn sé roinnte i dtrí chuid: fundas, cabhail agus muineál. Barrchaolaíonn an muineál agus ceanglaíonn sé leis an gconair dhomlasach tríd an ducht cisteach, a nascann ansin leis an gcomhdhucht heipiteach agus déantar an comhdhucht domlais as.