Ducht cisteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtDucht cisteach
Sonraí
Laidinductus cysticus
cystic artery (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD003549
TAA05.8.02.011
FMA14539 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.1198
EB Onlinescience/cystic-duct
Téarmaíocht anatamaíoch


An máilín domlais

Is é an ducht cisteach an ducht gearr a cheanglaíonn an máilín domlais agus an comhdhucht domlais le chéile. De ghnáth, luíonn sé taobh leis an artaire cisteach. Bíonn fad athraitheach aige agus comhla bíseach aige, nach dtagann mórán friotaíochta in aghaidh sreabhadh domlas.

Feidhm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir le domlas sreabhadh sa dá threo idir an máilín domlais agus an comhdhucht heipiteach agus an comhdhucht domlais.

Ar an mbealach seo, tá an domlas stóráilte sa mháilín domlais idir amanna béile. Nuair a spreagtar an hormón colaicisticinin ag béile sailleacha, cuireann sé tál domlais chun cinn trí níos mó domlais heipiteach a tháirgeadh, tríd an máilín domlais a chrapadh, agus an lamhnán Gall, agus Iatóir Oddi a shuaimhniúi.

Tábhacht chliniciúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir le clocha domlais dul isteach agus bac a chur ar an duct cisteach, agus cosc a chur ar sreabhadh an domlais. Leanann pian agus at má mhéadaítear an brú ar an mháilín domlais. Gairtear uaireantaan "ionsaí" ar an mháilín domlais ar an phian seo a thagann i bhfaiteadh na súl.

Le linn na colaicisteachtóime, greamaítear an duct cisteach dhá nó trí huaire agus gearrtartá idir na fáiscíní, d'fhonn an máilín domlais a dhéanamh réidh le bheith tógtha amach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]