Paincréas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Paincreás

Faireog mhór is ea an Paincreás, sa chóras díleáite agus inchríneach de chuid na veirteabraigh. Feidhmíonn sí mar fhaireog inchríneach ag táirgeadh hormóin tábhachtacha, lena n-áirítear inslin, glúcagón, agus somatostaitin, agus chomh maith mar fhaireog eisicríneach, ag tál súlach paincréasach ina bhfuil einsímí dhíleácha a théann trí dhuchtanna beaga isteach sa stéig. Téann na heinsímí seo i bhfeidhm ar charbaihiodráití, ar phróitéiní, agus ar shaillte.