Crobh dearg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Clann phlandaí bliantúla nó ilbhliantúla atá dúchasach do réigiúin mheasartha. Na duilleoga le maotháin ag dul amach go gathach ó phointe lárnach. Na bláthanna de ghnáth bán go dtí corcra nó gorm, cúigpheitealach. Gob fada cosúil le gob éin ar na torthaí, ag pléascadh nuair a bhíonn sé aibí, agus feidhmíonn gob gach síl chun rolladh suas is léimneach amach de smeach. Tugtar geiréiniam ar an mbláth seo freisin.