Crobh fola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda bliantúil nó ilbhliantúil atá dúchasach don Afraic Theas, den chuid is mó. Na duilleoga rud beag súmhar go minic, cruinn nó eidhneánchruthach, sin nó maothánach. Na bláthanna i gcrobhaingí, le raon dathanna. Geiréiniaim na gairneoireachta le fáil i 3 chineál: na geiriniaim ríoga le bláthanna mórthaibhseacha, na geiréiniaim chreasacha le bandaí daite ar na duilleoga, agus na geiréiniaim eidhneánduilleogacha le duilleoga maothánacha is gais reatha.