Crann creathach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Speiceas poibleoige. Na duilleoga scothliath/glas, cruinn nó ubhchruthach, le gais leata a ligeann do na lanna crith sa leoithne gaoithe is lú. Le dealrú taobh íochtarach na lainne bíonn an corraí níos suntasaí fós, agus an chuma air go bhfuil gluaiseacht leanúnach ar siúl.