Cosmadróm Baikonur

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lárionad Sóivéadach spáis a tógadh sa Chasacstáin i 1955. Is ón áit seo a lainseáladh Sputnik 1, an chéad saitilít a d'fhithisigh an Domhan i 1957, an chéad saitilít le madra ar bord, an chéad spásárthach le fear ar bord, an chéad bhanspásaire, an chéad spásaire a rinne siúlóid sa spás, agus i 1998 an chéad chuid den Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta. Ar cíos ag an Rúis go dtí 2050.